Labhraíonn Tommy Tiernan go poiblí faoin jóc a chuir fearg ar láithreoir RTÉ, Emer O’Neill, a shiúil amach as a sheó … ach creideann sí go bhféadfadh sé níos mó a dhéanamh

Tá Tommy Tiernan tar éis labhairt amach go poiblí faoina jóc a chuir isteach ar Emer O’Neill, tar éis dó a leithscéal a ghabháil léi go pearsanta cheana féin. Ach creideann sí go bhféadfadh sé níos mó.

Agus thug sé rabhadh dá lucht leanúna nach dtacaíonn sé le haon tuairimí diúltacha ar líne fúithi, agus go háirithe tuairimí diúltacha ag déanamh iarracht é féin a chosaint.

tommy emer 768x448 1
Tommy agus Emer

D’inis O’Neill cheana  féin gur ghlaoigh Tiernan uirthi chun a leithscéal a ghabháil, an lá tar éis di shiúil amach as a seó, mar gheall ar an jóc.

Chuaigh O’Neill ar Instagram chun gearán a dhéanamh faoin jóc a d’inis Tiernan le linn a seó, Tomfoolery, i Vicar Street, i mBaile Átha Cliath, ag tús na bliana.

Ag labhairt di le Newstalk Breakfast Déardaoin an tseachtain seo, dúirt O’Neill, an iar-láithreoir ar an Home School Hub ar RTÉ, go raibh an jóc maslach di agus ciníoch (racist).

Tar éis an gig, ghlaoigh Tiernan uirthi chun leithscéal a ghabháil, agus dúirt sé go raibh an ceart aici an méid a rinne sé a cháineadh.

Cé mise, mar fhear geal meánaosta,
chun cinneadh a dhéanamh ar cad is
“racism” ann?’: Insíonn Emer O’Neill
faoi leithscéal ‘cumhachtach’ a ghabh
Tommy Tiernan. CLICK ANSEO

Dúirt sí: ‘Bhí ionadh orm gur shroich sé an chéim seo, ach dúirt sé, “Ar mhachnamh dom, cé mise, mar fhear geal, meánaosta, ag déanamh cinneadh ar cad é is ciníoch ann, agus cad nach bhfuil; cad atá maslach agus cad nach bhfuil do phobal nach bhfuil taithí ar bith agam ar i mo shaol?”’

Agus ar Dé hAoine eisíodh ráiteas thar cheann Tiernan a dúirt: ‘Ar an Aoine an 6 Eanáir, d’inis Tommy jóc ar an stáitse, mar chuid dá seó. Chomh luath agus a fuair sé gearán faoi, labhair sé leis an ball sin den lucht féachana chun a thuiscint cá ndeachaigh sé mícheart.

Emer ONeill 1 480x672 2
Emer O’Neill

‘Bhain sé an jóc den seó láithreach agus ghabh sé a leithscéal go pearsanta ar an nguthán agus ar an ríomhphost agus go poiblí trí déileáil leis ar an stáitse an oíche dár gcionn, agus gach oíche ó shin, ag gabháil a leithscéal arís.

‘Ní tacaíonn Tommy d’aon tuairimí diúltacha ar líne faoin ball seo den lucht féachana agus is cinnte nach tacaíonn sé leo má tá siad ag iarraidh é a chosaint.’

Ach dúirt Emer O’Neill le clár Clair Byrne ar RTÉ Raidió 1: ‘Sin é an chéad ráiteas poiblí a chuala mé ó aon duine a bhfuil baint aige leis. Ach ní mise atá de dhíth. Creidim gur ghabh sé a leithscéal liom agus táim an-bhuíoch as sin ach ní mise amháin a chuaigh sé i bhfeidhm air.

Tommy Tiernan
Tommy Tiernan

‘Is rud amháin é leithscéal a ghabháil domsa, ach nuair a théann sé i bhfeidhm ar an oiread sin daoine, ní haon mhaith é leithscéal a ghabháil liomsa. Tá pobal iomlán ann a d’fhulaing dá bharr.’

Dúirt sí: ‘Creidim gur iontach an rud a bheadh ann, dá ndéanach sé ráiteas don chuid eile d’Éirinn, le go mbeidh ár bpobal in ann leigheas a fháil uaidh sin.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram