Tá fear a bhí gafa i seilbh na mílte glóthach cannabais (cannabis jellies) curtha i bpríosún ar feadh 33 mí.
Bhí aighneas faoi luach na glóthacha a fuarthas i mBaile Átha Cliath i mí Lúnasa 2021, an gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath inné. Measann gardaí go raibh luach sráide de €10 ar ach glóthach acu, agus go raibh luach iomlán €33,000 orthu.
Ach chuir na dlíodóirí cosanta, áfach, tuarascáil luachála neamhspleách isteach, a measadh nárbh fhiú ach thart ar €1 an ceann, ar na 3,000 glóthach a fuarthas.
Phléadáil Kevin Shipley, fear ón mBreatain a bhí ina chónaí sa Spáinn ag an am, ciontach as cannabas a bheith ina sheilbh aige, le díol nó le soláthar, agus as €14,000 in airgead tirim a láimhseáil, a tháinig as iompar coiriúil. Tá roinnt ciontuithe aige roimhe seo sa Bhreatain, lena n-áirítear drugaí.
Daoine san ospidéal tar éis
‘jellies’ a ithe le cannabas
bréige: CLIC ANSEO
Gabhadh Shipley, atá 37 bliain d’aois, a raibh seoladh aige in Alicante na Spáinne, taobh amuigh d’fhoirgneamh, ar choimpléasc árasán Bernard Curtis, Bóthar an Chloigín Ghoirm (Bluebell Road), Baile Átha Cliath, tar éis do ghardaí a chur ar an eolas gur chonacthas fear ag gníomhú go amhrasach.
Agus é ag cur pianbhreith ar Shipley, dúirt an Breitheamh Martin Nolan nár ghá don chúirt cinneadh a dhéanamh faoi luach na ndrugaí a fuarthas. Chuir sé siardhátú ar an bpianbhreith 33 mí go dtí an uair a chuaigh Shipley faoi choimeád den chéad uair, 18 mí ó shin.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.