Dhíol Paschal Donohoe ticéid Superdraw Fhine Gael don fhear gnó Stone

D’admhaigh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe sa Dáil gur dhíol sé go pearsanta ticéid Superdraw le haghaidh Fine Gael leis an bhfear gnó Michael Stone in 2020 agus 2021.

Is é Michael Stone an fear gnó a d’íoc as póstaeir don Uasal Donohoe agus d’Fhine Gael le linn olltoghcháin, ach níor éirigh leis an Aire Donohoe sin a chur ar a thaifead.

Tá an eolas amach cheana féin gur theip ar an Aire Donohoe an caiteachas toghcháin, a d’íoc an tUasal Stone, a thaifeadadh i gceart, agus gabh sé leithscéal as sin.

Dúirt sé ar Dé Domhnaigh go nglacann sé leis anois gur theip air €1,057 a thaifeadadh i gceart i gcaiteachas toghcháin, rud a d’íoc an tUasal Stone as, i bhfoirm síntiús, d’Fhine Gael Bhaile Átha Cliath Láir.

pearseSinn Fein Alternative Budget 2021 2
Pearse Doherty

Bhí sé sin chun an costas a bhain le póstaeir a chur suas agus a thógáil anuas le linn an olltoghcháin a chlúdach.

Ach tá ráite ag an Aire anois leis an Dáil faoi dhá shíntiús eile ón Uasal Stone.

Dúirt sé: ‘Níor thug an tUasal Stone aon síntiús domsa go pearsanta. In 2020 agus 2021, áfach, thug an tUasal Stone síntiús (donation) d’Fhine Gael trí thicéid Superdraw a cheannach, a dhíol mise.

‘Bhí an síntiús do pháirtí Fhine Gael go lárnach agus bhí sé laistigh de na teorainneacha dlí. Ní raibh gá é a nochtadh.’

In 2020, bhí cúig thicéad i gceist, le luach síntiúis €334, agus in 2021 ba é 22 thicéad a raibh luach síntiúis €1,382 orthu.

Ag labhairt faoin síntiús do na póstaeir, thug urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty le fios gurb é an tUasal Donohoe an t-aire a bhí freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an reachtaíocht eitice, agus dúirt sé gur theip ar an Aire ‘an síntiús seo a nochtadh, rud  a bhí riachtanach de réir dlí’.

Mattie McGrath 768x448 1
Mattie McGrath Pic :Leah Farrell/RollingNews.ie

Dúirt sé go raibh an tUasal Donohoe ‘ag réiteach scéal nach bhfuil ag teacht leis’.

Dúirt sé go raibh iarrthóir eile sa dáilcheantar céanna leis an Uasal Donohoe, Mary Fitzpatrick, tar éis €5,000 a íoc chun póstaeir a chur suas agus a bhaint. Dúirt sé gur thug an ráta pá le tuiscint go raibh na hoibrithe ‘ag dreapadh suas dhá polla in aghaidh na huaire’.

D’fhiafraigh Róisín Shortall, comhcheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta, cén fáth nár cheartaigh an tAire a thaifead toghcháin in 2017, nuair a bhí sé ina Aire Airgeadais, agus nuair a tháinig sé ar an eolas ar dtús go raibh costas ar veain a úsáideadh chun na póstaeir a chur suas.

Ghlaoigh Mattie McGrath, TD Neamhspleách Tuaithe, scéal ‘cock and bull’ ar ráiteas an Aire agus dúirt sé go raibh freagra an Rialtais ‘farcical in the extreme’.

Gabhann Paschal Donohoe
leithscéal faoi chaiteachas
toghcháin nár dearbhaíodh.
CLIC ANSEO

I ráiteas pearsanta don Dáil maidir le bronnadh seirbhísí dar luach €1,057 ón Uasal Stone, le linn feachtas olltoghcháin 2016, ghabh an tUasal Donohoe leithscéal as an easnamh agus dúirt go raibh ‘an-bhrón air gur tharla sé’. Bhronn oibrithe a chuir na póstaeir in airde €917 san iomlán mar sheirbhísí agus €140 eile chun veain a úsáid.

Dúirt an tUasal Donohoe freisin, toisc go raibh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (Sipo) ag scrúdú an tsíntiúis anois, gur tharraing sé é féin siar as aon réimse beartais a bhaineann le beartas toghcháin nó eiticiúil. Dúirt sé go nglacfadh an tAire Airgeadais Michael McGrath freagracht anois as na réimsí sin.

Dúirt sé freisin: ‘Níor chuir mé féin ná aon duine de m’fhoireann feachtais eolas mícheart ar SIPO d’aon ghnó.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram