Gabhann Paschal Donohoe leithscéal faoi chaiteachas toghcháin nár dearbhaíodh

Theip ar an Aire Paschal Donohoe caiteachas toghcháin, a d’íoc cara dó, a thaifeadadh i gceart, agus gabh sé leithscéál as sin.

Agus ina dhiaidh sin bhí an cara ar liosta ainmneacha le bheith ina cheannaire ar thascfhórsa Stáit, de réir tuairisc san Irish Times.

Tá leithscéal gafa ag an Aire Caiteachais Phoiblí, an tUasal Donohoe, as an eolas míchruinn a thabhairt maidir le caiteachas toghcháin.

Dúirt sé gur chreid sé go raibh siad ‘cruinn agus fíor’ nuair a chuir sé isteach iad.

Ach dúirt sé go nglacann sé leis anois gur theip air €1,057 a thaifeadadh i gceart i gcaiteachas toghcháin, rud a d’íoc an fear gnó Michael Stone as, i bhfoirm síntiús, d’Fhine Gael Bhaile Átha Cliath Láir.

Paschal 768x448 1
Paschal Donohoe Pic Gareth Chaney/Collins Photos

Dúirt an tUasal Donohoe go raibh a fhios aige, le seachtainí beaga anuas, go raibh €917 íoctha le seisear oibrithe as póstaeir a chur suas agus ansin iad a bhaint, ag an Uasal Stone roimh an toghchán.

Chreid sé roimhe seo go ndearnadh an obair ar bhonn deonach, a dúirt sé.

B’fhiú €140 úsáid a bhaint as veain, ar le cuideachta an Uasail Stone é don phóstaerú.

Tháinig an tUasal Donohoe ar an eolas faoi seo in 2017 agus, tráthnóna Dé Domhnaigh, dúirt sé gur cheart dó a chaiteachas toghcháin a leasú ansin, ag rá gur ‘mhaoirseacht shoiléir (clear oversight) ar mo thaobhsa a bhí ann, a admhaím agus a ghabh mo leithscéal as’.

In 2017, cuireadh ainm an Uasail Stone chuig an Taoisigh Enda Kenny ar liosta daoine a bheadh feiliúnach do chathaoirleacht Thascfhórsa Lár na Cathrach Thoir Thuaidh, de réir an tuairisc san Irish Times.

Cheap an tUasal Kenny an tUasal Stone sa ról.

Tá an ról gan phá agus déantar é ar bhonn deonach.

Dúirt an tUasal Donohoe Dé Domhnaigh nach raibh baint aige riamh le cinntí maidir le hoibriú an bhoird nó le haon obair a tharlaíonn air.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram