Praghas charranna leictreacha Tesla in Éirinn gearrtha ag Elon Musk

Tá praghas charranna leictreacha in Éirinn gearrtha ag Tesla, comhlacht Elon Musk. Tuairiscíodh an cinneadh tar éis faisnéis a fháil go bhfuil praghsanna gearrtha ar fud na hEorpa agus na Stát Aontaithe.

Ciallaíonn na ciorruithe praghais gur féidir le ceannaitheoirí salún Múnla (Model) 3 agus Múnla Y SUV, a bhfuil an-tóir orthu, deontas €5,000 a éileamh faoin scéim Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (Sustainable Energy Authority Of Ireland, SEAI), dar le Tesla.

Nuair a bheidh an deontas san áireamh, is é an praghas an gnáth Múnla 3 ná €44,990, tosóidh an praghas don Múnla 3 fadraoin, feithicil faoi thiomáint ceithre roth (long-range, four-wheel-drive) ag €52,990. Tosaíonn an Múnla 3 Performance ag €59,990.

Tosóidh an gnáth Múnla Y ag €46,990, beidh an Múnla Y fadraoin, feithicil faoi thiomáint ceithre roth ar fáil ag €53,890 agus tosóidh an Múnla Y Performance ag €63,990.

Tá laghdú praghais na Stát Aontaithe ar an Múnla 3 sedan agus Múnla Y crossover SUV, idir 6% agus 20%, de réir Reuters. Ghearr Tesla praghsanna freisin as a SUV ‘luxury crossover’ Múnla X agus Múnla S sedan sna Stáit Aontaithe.

Tesla Model 3 2018 1280 04 1068x623 1

Sa Ghearmáin, ghearr Tesla praghsanna ó 1% go beagnach 17% ar an Múnla 3 agus ar an Múnla Y.

Cosnóidh an Múnla Y, atá an-tóir air, €44,890 anois ansin, is é sin laghdú €9,100. Laghdaigh sé praghsanna san Ostair, san Eilvéis agus sa Fhrainc freisin.

Sa Fhrainc, gheobhaidh custaiméirí a cheannaíonn Múnla 3 ar €44,990 laghdú breise anois, mar gheall ar fhóirdheontas (subsidy)  rialtais de €5,000. Sa Bhreatain bhí an lascaine (discount) is mó ar an Múnla Y Performance, agus laghdaíodh an praghas beagán os cionn £9,000, ó £69,000 go £59,990.

Seolfaidh an cinneadh seo ó Tesla teachtaireacht tríd an tionscal, agus an branda préimhe ag cur in iúl go bhfuil sé anois don ghnáthdhuine – agus d’fhéadfadh go dtiocfadh laghduithe ar phraghsanna ó dhéantóirí gluaisteán eile dá bharr.

Tháinig lascainí ar fud mhargaí na hÁise an tseachtain seo caite freisin, áit a bhfuil iomaíocht tionscail thar a bheith dian.

Tagann an cinneadh, a spreag titim 6% i scaireanna (shares) Tesla le linn trádála go luath i Nua-Eabhrac, tar éis don chuideachta feidhmíocht trioblóideacha a fhulaingt ar Wall Street anuraidh, áit ar thit a scaireanna 65%.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram