Tá an peileadóir sa Premier League Benjamin Mendy neamhchiontach in ionsaithe gnéis ar cheathrar ban.
Tagann an cinneadh tar éis triail sé mhí. Ach tá ionchúisitheoirí (prosecutors) ag iarraidh triail eile thar dhá líomhain eile.
Shuigh an réalta Manchester City, atá 28 bliain d’aois, i gCúirt na Corónach (Crown Court) i Chester agus chlúdaigh sé a aghaidh leis a dhá lámh, nuair a thug maoir an ghiúiré na breithiúnais.
Thug seachtar fear agus ceathrar ban ar an ngiúiré na breithiúnais d’aon ghuth Dé Céadaoin.
Ach tar éis 14 lá de phlé, ní raibh giúróirí in ann teacht ar cinneadh ar dhá chúiseamh: líomhnaithe ar iarracht bean, 29, a éigniú in 2018 agus éigniú mná eile, 24, i mí Dheireadh Fómhair 2020.
Scaoil an breitheamh an giúiré amach Dé hAoine, ag cur deireadh leis an triail.
Tá atriail Mendy, a mheastar a mhairfidh dhá nó trí seachtaine, socraithe don 26 Meitheamh.
Dúradh i ráiteas ó chlub Mendy: ‘Ó tharla go bhfuil cúrsaí oscailte a bhaineann leis an gcás seo, níl an club in ann a thuilleadh a rá faoi láthair.’
Fuair an giúiré Louis Saha Matturie, 41 bliain d’aois, a chomh-chúisitheoir agus a líomhain ‘socraithe’ neamhchiontach as trí chúis éignithe a bhain le beirt dhéagóir.
Theip ar ghiúróirí freisin breith a thabhairt ar thrí chúis éignithe agus trí chúis d’ionsaí gnéis a rinne cúigear ban eile ina choinne.
Bhí an bheirt ar a dtriail ón 10 Lúnasa, agus iad cúisithe i gcionta gnéis ag 13 ban.
Dúirt Matthew Conway, an t-ionchúisitheoir, go lorgóidh an t-ionchúiseamh atriail ar na comhairimh nach bhféadfadh an giúiré teacht ar cinneadh ina leith.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.