Eagla ar thuismitheoirí roimh easpa Calpol… agus cógais eile

09/01/2023

Tá tuismitheoirí buartha ag lorg cógais (medicines) leanaí, ar nós Calpol, agus cógaiseoirí (pharmacists) ag rá nach bhfuil roinnt cógas ar fáil.

Mar gheall ar an meascán de Covid, fliú séasúrach, víris riospráide agus an t-ionfhabhtú géar scornach Strep A tá éileamh mór ar cógais casachta agus slaghdáin.

Dúirt Aontas Cógaiseoirí na hÉireann (the Irish Pharmacy Union, IPU) go bhfuil formhór na gcógas casachta, go háirithe le haghaidh casacht tirim, ‘an-deacair a aimsiú’.

Dúirt cógaiseoirí sa Bhreatain nach bhfuil Calpol ar fáil i gceantair áirithe ansin.

Calpol 2 1168x681 1

Ag labhairt dó faoin nganntanas, dúirt an cógaiseoir ó Bhaile Átha Cliath, Sheena Mitchell: ‘Cúpla mí ó shin, ní raibh muid in ann é a fháil isteach.

‘Bhí fadhbanna le soláthar paraicéiteamól agus bheadh ciall leis dá mbeadh tionchar aige sin ar leaganacha do pháistí ar nós Calpol.’

Dúirt Ms Mitchell, a reáchtálann Cógaslann Milltown Totalhealth Pharmacy i mBaile Átha Cliath 6, agus ardán cúram sláinte an teaghlaigh, WonderBaba.ie, cé go bhfuil Calpol ar fáil anseo faoi láthair, bhí fadhbanna ann le teacht air agus tá cógaiseoirí ag súil go mbeidh ganntanas eile go luath.

Agus ospidéil plódaithe,
tá ‘industrial action’ á plé
ag an INMO. Clic anseo

Ag labhairt di leis an Irish Daily Mail, dúirt Kathy Maher, cógaiseoir sa Mhí, agus cathaoirleach an choiste conraitheoirí (contractors committee) le hAontas Cógaiseoirí na hÉireann: ‘De bharr an mhéadaithe ghéar ar an tinneas riospráide a chonaic muid sna seachtainí suas go dtí an Nollaig, tá a fhios againn go leanfaidh sé seo ar aghaidh go ceann ceithre nó sé seachtaine eile.

‘Tá go leor cógais thar an gcuntar ar nós paraicéiteamól, iobúpróifein agus formhór na mbuidéal casachta – go háirithe le haghaidh casachtach tirim – nach féidir linn a fháil.

Sheena Mitchell 480x672 1
Sheena Mitchell

‘Nuair a bhaineann sé le hionfhabhtú baictéarach (bacterial infection), aon duine a bhfuil antaibheathaigh nó stéaróidigh ar leith de dhíth air/uirthi chun athlasadh an chliabhraigh (inflammation of the chest) a laghdú, tá sé fíordheacair iad a fháil ag an nóiméad. Mar sin tá sé fíordhúshlánach do dhaoine.

Spreag Ms Maher aon duine le leanaí idir dhá bhliain agus 17 mbliana d’aois, nach bhfuil an vacsaín fliú faighte acu, é a fháil go práinneach.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram