Agus ospidéil plódaithe, tá ‘industrial action’ á plé ag an INMO

07/01/2023

Tá an INMO chun dul i gcomhairle lena mbaill faoi ghníomhaíocht thionsclaíoch (industrial action) mar gheall ar plódú ospidéil.

Dúirt an Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann (Irish Nurses and Midwives Organisation, INMO) go gcuirfí tús le sraith cruinnithe faisnéise agus comhairliúcháin le comhaltaí an mhí seo chugainn.

Tagann sé seo i ndiaidh na seachtaine is measa riamh maidir le plódú ospidéil, agus dúirt Príomhfheidhmeannach eatramhach an HSE nach bhféadfadh sé a rá go cinnte ‘nach éireoidh sé níos measa sula n-éireoidh sé níos fearr’.

Tá foláireamh tugtha ag an HSE go bhféadfadh breis is 1,000 duine a bheith ar thralaithe mar gheall ar an bplódú san ospidéal, toisc nach bhfuil buaicphointe sroichte fós, ag séasúr an fhliú i mbliana.

Cé gur tháinig laghdú ar an líon daoine ar thralaithe thar oíche go dtí 535, dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE Stephen Mulvaney go bhféadfadh go bhfuil plódú is measa fós le teacht.

Phil Ni Sheaghdha
Phil Ní Sheaghdha

Dúirt an INMO go bhfuil siad ag lorg reachtaíocht (legislation) a chinnteodh leibhéil shábháilte foirne, agus ag lorg áiseanna cliniciúil i ngach ospidéal gur féidir leo scileanna sábháilte a chinntiú.

‘Bhí an méid a tharla an tseachtain seo inár n-ospidéil inseachanta (avoidable),’ a dúirt Ard-Rúnaí an INMO, Phil Ní Sheaghdha.

‘Le ró-fhada tá altraí agus mná cabhrach ag tabhairt foláirimh go raibh muid chun teacht ar tréimhse uafasach i mí Eanáir, mura ndéanfaí gníomhaíocht fiúntach,’ a dúirt sí.

‘Cé go ndéanfaidh go leor daoine iarracht a mholadh go bhfuil laghdú feicthe againn ar thralaithe ó 931 go 535, ní bheimid mar chuid d’iarrachtaí é seo a chosaint mar fheabhsúchán.’

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly, áfach, go bhfuil méadú á dhéanamh ar acmhainn sa tseirbhís sláinte ag leibhéal ‘nach bhfacthas riamh cheana’.

Nurses 2

Ag labhairt dó ar an gclár Six One News de chuid RTÉ, dúirt sé, fiú nuair is féidir an brú in ospidéil an geimhreadh a thuar (predict),  ní ciallaíonn sé ‘gur féidir leat, i gceann sé mhí nó fiú i dtrí bliana, déileáil le heasnaimh acmhainne oidhreachta’.

‘Tá a fhios againn nach bhfuil dóthain acmhainne i gcóras cúram sláinte na hÉireann le fada an lá.

‘Cad atá ar siúl againn mar sin? Táimid ag cur leis an acmhainn sa tseirbhís phoiblí ag leibhéal nach bhfacthas riamh cheana,’ a dúirt sé.

Ach dúirt Uachtarán an INMO, Karen McGowan: ‘Cuirfimid tús anois le tréimhse comhairliúcháin a bhaineann le gníomhaíocht thionsclaíoch.

‘Táthar ag iarraidh ar altraí agus ar mhná cabhrach bainistiú géarchéime (crisis management) a dhéanamh ar fadhb atá déanta ag ár bhfostóirí féin. Tá a fhios againn go bhfuil leibhéil traochadh  (burnout) níos airde ná riamh.’

‘Ní mór dúinn anois pé gníomh atá riachtanach a dhéanamh, chun a chinntiú nach mairfidh an leibhéal contúirte seo inár n-ionaid oibre, sna míonna agus sna blianta amach romhainn.’ Dúirt sí freisin go reáchtálfar sraith cruinnithe faisnéise agus comhairliúcháin le baill INMO chun an beart tionsclaíochta a bhreithniú sa mhí seo chugain

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram