Ár gcluiche is mó riamh, agus ní thugann FIFA ach 4% de na ticéid go Mná na hÉireann

Tá fearg ar lucht leanúna na hÉireann mar nach bhfuil ach 4% de thicéid Chorn an Domhain inár gcluiche oscailte tugtha ag FIFA d’fhoireann Mná na hÉireann.

Agus breis agus 2 mhilliún Astrálach ag maíomh go bhfuil siad bródúil as a shinsearacht Éireannach – agus  breis is 100,000 Éireannach ina gcónaí ann – bhi bhí súil le sluaite ollmhór dár gcéad chluiche Corn an Domhain ansin.

Ach tá a ndóchas scriosta ag polasaí ticéad aisteach FIFA. Níl ach 1,700 ticéad faighte ag an FAI – sin díreach 4% – don chéad chluiche i gCorn an Domhain, in aghaidh na hAstráile, i mí Iúil.

louise quinn
Louise Quinn

Agus labhair laochra Éireannacha Mhná na hÉireann amach faoina bhfearg faoin gcinneadh.

Chuir cosantóir na hÉireann Louise Quinn post ar Twitter: ‘An-éagórach dár lucht tacaíochta Éireannacha agus dúinne, ar leithdháileadh (allocation) chomh beag sin. Ag súil go mbeidh siad in ann níos mó ticéid a chur ar fáil chun atmaisféar dochreidte a chruthú!’

Beidh foireann Vera Pauw ag imirt i gcoinne na gcomhóstach ar 20 Iúil ag Staidiam Peile Sydney nua.

Tá iarrtha cheana féin ar lucht leanúna na hÉireann atá ag iarraidh freastal ar an gcluiche stairiúil iarratas a dhéanamh ar líne leis an FAI.

Bhí díomá ar go leor lucht tacaíochta, áfach, mar gur dhíol an cluiche amach go tapa nuair nach raibh i leithdháileadh an FAI ach 1,700 ticéad as 42,500.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram