Cristiano na hÉireann, glúin nua peile ó gach cearn den Eoraip

08/01/2023

Tá Cristiano Fitzgerald ar dhuine de ghlúin nua réalta na hÉireann atá ag teacht aníos ó gach cearn den Eoraip.

Rugadh an t-imreoir, atá 19 bliain d’aois, i mí na Samhna 2003, d’athair Éireannach agus do mháthair Francach.

Tar éis a rugadh i Singeapór, bhí Cristiano ina chónaí i Londain agus ansin i San Diego, ach anois tá sé ina chónaí sa Phortaingéil.

Is as buíochas dá athair Jimmy, ar as Luimneach dó, go bhfuil an cliathánaí gasta (fast winger) meáite (determined) ar imirt d’Éirinn, in ainneoin gur féidir leis imirt le haghaidh an oiread sin tíortha. Tá sé an-bródúil as scileanna iomána a athar freisin.

Tá rogha ag Cristiano imirt don Fhrainc, do Shingeapór nó don Phortaingéil ach tá a chroí le tír dhúchais a athar.

cristiano fitzgerald 480x672 1
Cristiano Fitzgerald

Thosaigh sé le Boavista i samhradh na bliana 2020 agus tá sé tar éis éirigh suas trí na gráid aoise ó shin i leith.

Cé nár imir sé le haghaidh an chéad fhoireann fós i comórtais móra, le déanaí shínigh sé conradh ceithre bliana leis an gclub a mhairfidh go dtí 2026.

Tá Cristiano tar éis traenáil leis an gcéad fhoireann an séasúr seo agus roimhe sin d’imir sé i gcluiche cairdiúil in aghaidh Bordeaux.

In 2021, fuair sé a chéad dá chaipín d’Éirinn, ag leibhéal faoi-19, agus beidh sé ag súil le himirt ag an leibhéal faoi-21 i mbliana.

Fiú agus an oiread sin roghanna ar fáil aige, bhí fonn i gcónaí ar Cristiano an ngeansaí glas a caitheamh.

‘Ó bhí mé cúig bliana d’aois níor labhair mé riamh faoin bhFrainc ná faoi aon tír eile, bhí mé i gcónaí ag caint faoi Éirinn,’ a dúirt sé le déanaí. ‘Sin díreach mar atá sé.’

‘Is mór an ceangal atá agam le hÉirinn. Bhí mé le mo sheantuismitheoirí cúpla seachtain ó shin, tháinig siad amach anseo [go dtí an Phortaingéil], agus mo mháthair bhaistí (godmother), deirfiúr m’athar, agus mo chol ceathracha. Feicim go minic iad,’ a dúirt sé leis an Irish Daily Star.

Agus dúirt sé le seirbhís meán na Portaingéile, Maisfutebol: ‘Tá Éire i mo chroí istigh agam. Is as sin m’athair. Bhí sé ina imreoir maith iomána. Gach samhradh téim go feirm mo sheantuismitheoirí i Luimneach, áit a bhfuil mé le mo chol ceathracha.’

Dúirt sé freisin: ‘Is iontach an t-atmaisféar san Aviva. Is é an sprioc atá ag peileadóirí uile na hÉireann, lá amháin a bheith in ann imirt i Staid Aviva Bhaile Átha Cliath.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram