Blas na Kardashian: Tá Kourtney i ngrá le Kerrygold

Tá Kerrygold ag fáil tacaíochta ó Kourtney Kardashian, duine de na daoine is cáiliúla ar domhan, agus í ag cur chun cinn an im blasta ó Ciarraí.

Tá an táirge (product) déiríochta na hÉireann léirithe ag Kourtney ina postanna ar na meáin shóisialta thar na blianta.

Agus nuair a chuir an ‘influencer’, atá  43 bliain d’aois, a cuid teagaisc faoi ‘cookies’ ar TikTok le déanaí, bhí an t-im á úsáid aici.

Is cosúil go bhfuil dúil ag Kourtney, a d’fhógair comhpháirtíocht le Boohoo le déanaí, i ngrá le him Kerrygold ó 2015, nuair a chuir sí é san áireamh ina hoideas do cocáin Rice Krispie.

Kourtney Kardashian Feature Image 768x448 1
Kourtney

Sna Stáit Aontaithe, is é Kerrygold an t-im is mó atá tóir air, as na himeanna a allmhairíodh isteach sa tír, agus is é an tríú branda is mó le tóir air sa tír.

Agus ní hí Kourtney an chéad duine iomráiteach a bhfuil grá aici don im.

In 2016, roinn an mainicín faisin (fashion model) Meiriceánach Chrissy Teigen scéal Snapchat lena lucht leanúna, ag taispeáint an táirge ‘iontach’.

kourtney tiktok 480x672 1

Bhí Kerrygold ar an gcéad bhranda bia billiún euro in Éirinn in 2018, agus is é €2 billiún an chéad sprioc eile ag an gcuideachta.

Sa Bhreatain, tá Kerrygold ar cheann de dhá bhranda ime ar barr phraghas a d’fhás anuraidh, ag díol 3.8% níos mó ná sna 12 mhí roimhe sin, de réir na hirise The Grocer.

De réir ráitis ó Ornua Foods, tá an bua ag Kerrygold sa Bhreatain mar gheall ar a ‘blas saibhir, uachtarúil agus a shuíomh den scoth’.

Mar a dúirt an cócaire iomráiteach Meiriceánach nach maireann, Julia Child: ‘Le dóthain ime, tá gach rud blasta.’

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram