Beidh Frank Lampard i gceannas ar Everton ag a gcluiche tríú babhta de Chorn an FA ag Manchester United inniu (Dé hAoine) i measc amhras faoina thodhchaí fadtéarmach i bPáirc Goodison.
Tá bainisteoir Everton faoi bhrú mór tar éis ocht gcaillteanais i 11 chluiche i ngach comórtas agus bua amháin as 10 gcluiche sa Premier League.
Tar éis an caillteanas is déanaí, sa bhaile, 4-1 in aghaidh Brighton, Dé Máirt, dúirt Lampard nach raibh aon smacht aige ar chinneadh faoina thodhchaí.
Ag an cluiche Dé Máirt rinne an slua faíreach faoin fhoireann agus caitheadh ‘smoke canisters’ síos i bPáirc Goodison tar éis do Brighton trí chúl a fháil i seacht nóiméad go luadh sa dara leath.
Níl Everton anois ach pointe amháin os cionn an zón ísliú chéime.
Scóráil Brighton ceithre chúl i gcluiche mór as baile don chéad uair ina stair.
Ba é seo an cineál oíche le bainisteoir a fhágáil buartha faoina thodhchaí, agus a lucht tacaíochta buartha faoi stádas a gclub sa Premier League.
Ní mór moladh iomlán dul go Brighton, áfach. Is club forásach é le fís fhadtéarmach agus plean den scoth acu.
Scóráil siad ceithre huaire, le seans cúpla cinn eile a fháil, agus bhí an mhuinín acu a d’fhág go raibh lucht leanúna Everton ag iarraidh go mbeadh a bhfoireann féin in ann imirt leis an bhfuinneamh céanna.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.