Tá múinteoir meánscoile Enoch Burke tagtha ar ais ar scoil, in aghaidh ordú cúirte a d’fhág gur chaith sé 108 lá sa phríosún.
D’fhreastail sé ar Wilson’s Hospital School, i gCo na hIarmhí, inniu (Déardaoin), an chéad lá ar ais tar éis shos na Nollag.
Shroich an tUasal Burke an scoil go gairid roimh 8.45 ar maidin. Cuireadh i bpríosún é go luath i mí Mheán Fómhair tar éis dó ordú fanacht amach ón scoil, ón Ard-Chúirte, a shárú.
Tar éis dó 108 lá a chaitheamh sa phríosún, shiúil sé saor ó phríosún Mhuinseo (Mountjoy) roimh an Nollaig tar éis don Ard-Chúirt é a scaoileadh saor.
Dúirt an Breitheamh Brian O’Moore, ag an am, gurb é an t-aon bhagairt do shaoirse leanúnach an Uasail Burke ná dá sáródh sé ordú Ard-Chúirte arís.
Tá sé curtha ar fionraí (suspended) ar phá iomlán ag an scoil mar chuid de phróiseas smachtaithe (disciplinary proceedings), tar éis conspóide faoi iarratas ó dhalta go dtabharfaí aghaidh air faoi ainm nua agus go n-úsáidfí forainmneacha ‘siad/daoibh’.
Bhronn an chúirt na hurghairí (injunctions) tar éis don Uasal Burke leanúint air ag freastal ar an scoil tar éis a fhionraí.
Tuigtear go ndeachaigh roinnt tuismitheoirí i dteagmháil leis an bpríomhoide faoi theacht ar ais an tUasal Burke ag an scoil.
D’fhág sé an scoil ag 3.50 um thráthnóna, agus bhí sé tiomáinte as ag a athair.
Dúirt ráiteas ón nGarda Síochána go raibh a fhios acu go raibh duine ag freastal ar scoil, ach nach raibh ról ar bith ag oifigigh ag an am seo ‘mar go dtagraíonn na hábhair seo d’ordú sibhialta’.
Ceaptar go mbeadh ar an scoil imeachtaí nua a thionscnamh san Ard-Chúirt sula bhféadfaidh gardaí idirghabháil a dhéanamh.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.