Tá ordú tugtha do Enoch Burke costais dlí a íoc le Scoil Otharlann Wilson. Briseadh as a phost é sa scoil mar gheall ar mhí-iompar líomhnaithe.
Agus d’éirigh leis an scoil i gcás Ard-Chúirte ina choinne.
Bhí baint ag an Uasal Burke le argóint feirge leis an mBreitheamh Alexander Owens sa chúirt ar Dé Luain.
Dúirt sé gur bhain a chás lena dhiúltú tagairt a dhéanamh do dhalta faoi ainm eile agus faoi fhorainm (pronoun) eile.
Dúirt sé gurbh é a chinneadh gan é sin a dhéanamh bunaithe ar a chreideamh reiligiúnach.
Dúirt sé leis an gcúirt go raibh sé de cheart ag gach saoránach d’Éirinn agóid a dhéanamh in aghaidh an trasinscne.
Ach bhronn an Breitheamh Owens na costais ar an scoil agus rinne sé ordú freisin chun an tUasal Burke a chosc ó dul isteach sa scoil i Multyfarnham, Co. na hIarmhí.
Dúirt sé áfach nach raibh aon chosc ar an múinteoir Gearmáinise agus staire freastal taobh amuigh de gheataí na scoile.
D uirt an scoil go ndearna an tUasal Burke imeaglú agus ciapadh ar chomhghleacaí agus gur sháraigh sé muinín dalta sa scoil a bhí ag iarraidh aistriú.
Shéan an tUasal Burke aon éagóir agus dúirt sé gur tháinig and fhadhb as a fhreasúra in aghaidh an trasinscne.
Dúirt sé gur sháraigh an próiseas araíonachta (disciplinary process) a chearta bunreachtúla, lena n-áirítear a cheart chun saoirse tuairimí a nochtadh dá chreidimh reiligiúnacha.
I mí na Bealtaine, chinn an Breitheamh Owens go raibh an tUasal Burke ar fionraí go dleathach (lawfully suspended) óna phost múinteoireachta sa scoil.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.