Tá réalta Hollywood Jeremy Renner ‘go dona’ san ospidéal tar éis don céachta sneachta (snowplough) a bhí in úsáid aige titim air.
Bhí an t-aisteoir Marvel Renner, atá 51 bliain d’aois, ina aonar ag a rainse sléibhe (€1.8 milliún) nuair a theip ar ghné sábháilteachta ar an meaisín. Rolladh sé thar a chos.
Tugadh chuig an ospidéal é ach chaill sé méid suntasach fola de bharr an ghortaithe.
Bhí an t-aisteoir – a bhí ina sárlaoch Hawkeye sa tsraith scannán Avengers – ag glanadh cosán amach as a theach in aice le Lake Tahoe tar éis titim sneachta trom.
Chonaic comharsa a chruachás agus d’imigh i gcabhair air, agus shocraigh sé turasóireacht ar chos gortaithe Renner.
Dúirt ionadaithe an aisteora go raibh teaghlach Renner leis san ospidéal.
‘Is féidir linn a dhearbhú go bhfuil Jeremy i riocht criticiúil ach seasmhach agus gortaíodh é tar éis timpiste a bhain leis an aimsir agus sneachta,’ a dúirt urlabhraí.
‘Tá a theaghlach in éineacht leis agus tá cúram den scoth á fháil aige.’ Dúirt Oifig Sirriam Contae Washoe go bhfuil foireann imscrúdaithe timpiste an cheantair ag féachaint ar an eachtra.
Tá iníon amháin ag an aisteoir lena iar-bhean chéile, an t-aisteoir Sonni Pacheco.
In 2021 bhí an réalta le feiceáil i Hawkeye, mionsraith Disney Plus inar cuireadh a charachtar Avengers ar mhisean go Nua-Eabhrac.
Fuair sé ainmniúchán Oscar don Aisteoir is Fearr as a ról in The Hurt Locker in 2009 mar Sháirsint Foirne William James.
Bhí sé ina réalta freisin sna scannáin American Hustle and Mission: Impossible – Ghost Protocol, chomh maith le bheith ag imirt gníomhaire rúnda (secret agent) Aaron Cross sa scannán 2012 The Bourne Legacy.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.