Cabhróidh muid leis an HSE, a deir ospidéil phríobháideacha

Tá sé ráite ag na hospidéil phríobháideacha go bhfuil siad sásta cuidiú leis an Stát na fadhbanna tromchúiseacha atá roimh an gcóras poiblí faoi láthair a bhainistiú.

Tagann an cinneadh seo tar éis don HSE a rá go bhfuil a gcuid acmhainní ar fad á n-úsáid chun déileáil le brúnna rannóga éigeandála.

Dúirt siad, cé go raibh an borradh ar ionfhabhtuithe (infections) víreas an gheimhridh pleanáilte acu, go bhfuil na treochtaí níos measa ná mar a cheap siad.

Dúirt siad gur mar gheall air seo a tháinig laghdú ar obráidí agus mionobráide (surgeries and procedures) atá beartaithe.

GPsCOVID Vaccines Shortage GPs Feature 768x448 2

Dúirt Cumann na nOspidéal Príobháideacha (the Private Hospitals Association, PHA) cé go bhfuil ospidéil phríobháideacha aonair ag cur cúnaimh ar fáil in áiteanna éagsúla i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre, go bhfuil na socruithe seo ad hoc agus neamh-chomhordaithe.

Dúirt an PHA go mbeadh comhpháirtíocht straitéiseach idir ospidéil phoiblí agus phríobháideacha, chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb ar bhonn ilbhliantúil, ina bhealach níos éifeachtaí chun déileáil le dúshláin acmhainne, a tharlaíonn le blianta beaga anuas go minic.

Léiríonn na figiúirí is déanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) go bhfuil líon na n-othar ar thralaithe i ranna éigeandála atá ag fanacht ar leaba inniu breis agus 108% níos airde ná an lá seo anuraidh.

Bailíonn an HSE na figiúirí ‘TrolleyGar’ ag 8rn agus léiríonn siad go bhfuil 427 othar ag fanacht, gan na hospidéil leanaí, a bhfuil cúigear othar ag fanacht leo, san áireamh.

Stephen Donnelly Hospital Bed Feature 768x448 2
Aire Sláinte Stephen Donnelly

HSE faoi bhrú le cásanna den fhliú méadaithe faoi dhó i gceann seachtaine … agus líon na Covid ag ardú: Clic anseo

Is iad na hospidéil is measa atá buailte ná Ospidéal Ollscoile Leitir Ceanainn le 42 othar, Ospidéal Ollscoile Chorcaí le 38 othar agus Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath le 34 othar ag fanacht.

Dírítear i bhfigiúirí TrolleyGar an HSE ar ranna éigeandála amháin agus tá siad difriúil ó figiúirí laethúla Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann (Irish Nurses and Midwives Organisation, INMO), atá níos airde de ghnáth mar go n-áirítear leo othair a chuirtear sna bardaí (ward) ag fanacht le ligean isteach ar leaba.

Dúirt an INMO go raibh 570 othar glactha isteach ag fanacht ar leaba ospidéil ar maidin inniu.

Dúirt siad gurb iad na hospidéil is measa atá buailte ná Ospidéal na hOllscoile, Luimneach le 84 othar ag fanacht, Ospidéal Ollscoile Chorcaí le 73; Ospidéal Ollscoile Leitir Ceanainn le 61 agus Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann le 39.

Tá an leibhéal plódaithe reatha á thiomáint ag méadú ar ionfhabhtuithe riospráide (respiratory infections) amhail an fliú, RSV, Covid-19 agus tinnis eile.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram