HSE faoi bhrú le cásanna den fhliú méadaithe faoi dhó i gceann seachtaine … agus líon na Covid ag ardú

30/12/2022

Tháinig méadú faoi dhó ar líon na ndaoine a bhí san ospidéal le fliú thar na Nollag, de réir an HSE. Agus níl ‘aon chomhartha go fóill’ go bhfuil an bhuaic pointe bainte amach againn.

Tá cásanna den fhliú tar éis dul thar a mbuaicphointí réamhphaindéimeach anois, agus tháinig ardú go 637 ar iontrálacha ospidéil sa tseachtain roimh Oíche Nollag, ó 299 an tseachtain roimhe sin.

Ar an lá a tháinig foireann ghéarchéime an HSE le chéile chun an scéal a phlé, dúirt an Dr Colm Henry, príomhoifigeach cliniciúil na seirbhísí sláinte, gur ábhar mór imní é an bealach ar aghaidh agus aníos de chásanna fliú agus Covid.

‘Níl comhartha ar bith go fóill go bhfuil barr an bhuaic pointe bainte amach againn. Táimid ag súil go bhfanfaidh an claonadh seo an-ard go ceann roinnt seachtainí,’ a dúirt sé.

Le sin, leag Eileen Whelan, Ceannaire Náisiúnta Chlár Vacsaínithe Covid-19, béim ar a thábhachtaí atá le teanndáileoga (booster) Covid a fháil, ag rá: ‘Molaim do gach duine a dhara teanndáileog a fháil.

‘Tabharfaidh sé cosaint leanúnach ó thinneas tromchúiseach, agus méadóidh sé d’imdhíonacht (immunity) in aghaidh ionfhabhtú ó Covid-19, rud a bhfuil sé ar eolas againn a laghdóidh tar éis tréimhse míonna tar éis do vacsaíne deiridh.

Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil an HSE, an Dr Colm Henry: ‘Tá an-imní orainn i gcónaí faoin ardú géar atá tagtha ar chásanna Covid-19, fliú agus tinnis riospráide eile ag an am seo.

Breda Smyth 2 1168x681 1
Breda Smyth

‘Tá ár ndochtúirí teaghlaigh agus ár n-ospidéil ag obair go dian chun tacú le daoine, ach tá méadú níos mó ná 100% feicthe againn ar chásanna an fhliú, agus ar dhaoine a bhfuil gá acu le hiontráil ospidéil don fhliú. Sa tseachtain dar críoch an 24 Nollaig, tuairiscíodh 2,329 cás den fhliú, i gcomparáid le 1,174 an tseachtain roimhe sin.

‘Tháinig ardú céime go 637, ó 299 an tseachtain roimhe sin, ar na daoine a raibh gá acu le hiontráil ospidéil don fhliú. Mhéadaigh cásanna Covid-19 go 3,809, i gcomparáid le 3,118 an tseachtain roimhe sin, agus 737 duine san ospidéal le Covid-19.’

Tá an vacsaín teanndáileog Covid (booster) ar fáil anois do dhaoine chomh hóg le 18 mbliana d’aois mar go bhfuil faitíos ar an Aire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil ospidéil plódaithe.

Agus tá an HSE ag impí ar dhaoine idir 18 agus 49 bliain d’aois an vacsaín teanndáileog a fháil.

Is féidir coinní a dhéanamh ar shuíomh Gréasáin an HSE, agus beidh sliotáin ar fáil ón lá inniu ar aghaidh.

Shín an tAire Sláinte Stephen Donnelly an clár vacsaíne Covid chuig daoine idir 18 agus 49 bliain d’aois mar iarracht cosc a chur ar ospidéil dul thar fóir ag trí víreas éagsúla.

Tá foláireamh tugtha cheana féin ag Comhairleoir Leighis na tíre, Breda Smyth, go bhfuil líon ard cásanna Covid agus fliú timpeall orainn. Agus tá siad ag cur brú ar ár n-oibrithe sláinte, agus ar chóras sláinte atá faoi bhrú cheana féin.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram