Tá rabhadh aimsire práinneach eisithe ag Met Éireann go bhfuil an ‘buama cioclón’ reo (freezing bomb cyclone) atá tar éis scrios a dhéanamh i Meiriceá ag teacht inár dtreo.
Is féidir le hÉirinn a bheith ag súil le roinnt aimsir fhliuch agus reo agus muid ag druidim isteach san Athbhliain, mar gheall ar ‘supercharged jet stream’ a tháinig chun cinn mar gheall ar an eo mór i Meiriceá.
Tá an fuacht ag scaipeadh ar fud na Stát Aontaithe le seachtain anuas agus tá sé ag cuidiú leis an ‘jet stream’ a neartú, atá ag brú córais ísealbhrú trasna an Atlantaigh.
Léiríonn léarscáileanna aimsire a threo agus é ag dul díreach i dtreo na hÉireann.
Deir Met Éireann go mbeidh brú íseal mar phríomhghné d’Éirinn thar thréimhse na hAthbhliana, as a dtiocfaidh ‘coinníollacha aimsir chlaochlaitheach’ (unsettled conditions).
‘Beidh an teocht thart ar an ngnáthphointe ach beidh sé níos fliche ná an meán le ceathanna agus tréimhsí báistí ar fud na tíre,’ a dúirt Met Éireann.
Tá Met Éireann ag súil go mbeidh Lá na Bliana Nua an lá a n-éireoidh sé níos fuaire.
Táthar ag súil go dtitfidh an teocht Oíche Chinn Bhliana le sioc agus oighear, dar le Met Éireann.
Bí ag súil le teocht íseal agus roinnt áiteanna faoi bhun an reophointe don Athbhliain, dar le Met Éireann.
Beidh inniu (Déardaoin) gaofar le gaoth an-láidir san iarthuaisceart go luath ar maidin. Beidh níos mó ceathanna ann le roinnt tréimhsí geala agus grianmhara, lena n-áirítear an fhéidearthacht go mbeidh flichshneachta sa tuaisceart.
Ísleoidh na gaotha go mall agus í ‘éadrom go measartha’ siar ó dheas i rith an lae, agus beidh an chuid is fearr de na tréimhsí tirime sa tráthnóna.
Tá sé ráite ag Met Éireann go mbeidh oíche anocht (Déardaoin) le gaoth láidir ó dheas. Beidh báisteach ag teacht ó trasna an Atlantaigh thar oíche, agus beidh sé níos troime san iarthar. Titfidh an teocht freisin, agus beidh na teochtaí is ísle timpeall 1C go 4C, is fuaire sa tuaisceart.
Beidh ráigeanna báistí ar an Aoine a thosóidh go trom ar maidin, ach beidh roinnt spotaí geala agus tirime ann tráthnóna — ach beidh níos mó báistí i gceantair freisin. Beidh sé gaofar freisin agus gaotha úra go láidir siar ó dheas ag maolú níos moille sa lá, le teochtaí is airde um thráthnóna idir 5C agus 9C.
Beidh oíche Dé hAoine scamallach den chuid is mó le ceathanna in áiteanna, agus gaotha measartha siar ó dheas den chuid is mó.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.