Ní dócha go mbeidh Sancho ar fáil do chluiche Manchester United le Forest

Ní dócha go mbeidh Jandon Sancho ar fáil do chluiche Manchester United i gcoinne Nottingham Forest i rith na Nollag, agus an réalta atá ag streachailt fós ag traenáil ón gclub.

Níor imir Sancho, 22, do United ó mhí Dheireadh Fómhair agus ní raibh sé sa champa sa Spáinn, níos luaithe an mhí seo, le linn Chorn an Domhain, mar dúirt an bainisteoir Erik ten Hag nach raibh sé réidh go fisiciúil nó go meabhrach.

Ghlac an winger sos ó na meáin shóisialta, agus tá sé san Ísiltír ag obair le cóistí a mhol TEN HAG.

Níor chuir Manchester United teorainn ama ar fhilleadh Sancho ach níl Ten Hag ag súil go mbeidh sé i láthair ag Old Trafford Dé Máirt.

sancho1 1
Jadon Sancho . Pic: James Williamson – AMA/Getty Images

‘Ní dóigh liom,’ a d’fhreagair an Ollannach nuair a fiafraíodh de an mbeadh Sancho ar fáil.

D’admhaigh Ten Hag freisin go raibh sé faoi bhrú a chinntiú go mbeidh Manchester United sna ceithre cinn is airde tar éis do Manchester United £220 milliún a chaitheamh ar imreoirí an samhradh seo caite.

Tá United sa chúigiú háit sa tábla faoi láthair agus dúirt Ten Hag: ‘Glacaim leis an mbrú sin. Ach freisin do bhainisteoir Chelsea agus Newcastle United, iad siúd a bhfuil go leor infheistíochta déanta acu freisin. Tá sé brú ar chách.’

Thosaigh Sancho le Manchester United 18 mí ó shin, ar chomhaontú €85 milliún ó Borussia Dortmund.

Chuir Sancho tús maith leis an séasúr, ag scóráil i mbuanna sa Premier League ar Liverpool agus Leicester City, ach níor scóráil sé agus ní riabh ach ‘assist’ amháin aige ó lár mhí Mheán Fómhair.

Beidh Man United ag imirt in aghaidh Nottingham Forest ag Old Trafford ar an 28 Nollaig.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram