Nuacht imníoch faoi Jadon Sancho: Níl sé réidh ‘go fisiciúil nó go meabhrach’ le filleadh, a deir Ten Hag

14/12/2022

D’admhaigh Erik ten Hag nach bhfuil Jadon Sancho ‘go fisiciúil nó go meabhrach’ réidh le filleadh, i nuashonrú imníoch (worrying update) ar réalta Manchester United.

Tá an peileadóir, atá 21 bliain d’aois, ag traenáil as baile agus ní raibh sé ann do United ó 22 Deireadh Fómhair. Ní raibh sé in ann a gceithre chluiche deiridh a imirt de bharr tinnis.

Tá sé deimhnithe ag an mbainisteoir Ten Hag go bhfuil an ‘winger’ ag traenáil san Ísiltír le cóitseálaithe a bhfuil muinín ag an Ollainnis orthu, tar éis dó imeacht as campa traenála an chlub sa Spáinn an tseachtain seo caite, nuair a fágadh amach as scuad Shasana Corn an Domhain é.

Thosaigh Sancho le Manchester United 18 mí ó shin, ar chomhaontú €85 milliún ó Borussia Dortmund.

Chas sé as a chuntais meáin shóisialta an mhí seo caite, agus dúirt Ten Hag nach bhfuil sé cinnte an bhfillfidh sé ar an gcéad fhoireann.

sancho2
Jadon Sancho agus Marcus Rashford le Manchester United Pic: Michael Regan/Getty Images

‘Ní dóigh liom go mbeidh sé ar ais an tseachtain seo, ní hea,’ a dúirt Ten Hag, tar éis do Sancho dhá chluiche eile a chailleadh le linn an tsosa lár séasúr.

‘Ba mhaith linn é a thabhairt ar ais chomh tapa agus is féidir, ach ní féidir liom prognóis a thabhairt maidir le cathain a bheidh sé sin.

‘Uaireanta bíonn cúinsí ann a bhaineann le folláine (fitness) agus meon. Bhí titim sa leibhéal cáilíochta agus uaireanta ní bhíonn a fhios agat cén fáth nó cad is cúis leis.

‘Sin é atá á dhéanamh againn anois chun iarracht a dhéanamh é a fháil ar ais ansin. Is meascán de ru éigin fisiciúil agus go meabhrach é.’

Chuir Sancho tús maith leis an séasúr, ag scóráil i mbuanna sa Premier League ar Liverpool agus Leicester City, ach níor scóráil sé agus ní riabh ach ‘assist’ amháin aige ó lár mhí Mheán Fómhair.

Beidh Man United ag imirt arís tar éis Chorn an Domhain sa bhaile in aghaidh Burnley sa League Cup ar an 21 Nollaig, agus sa Premier League in aghaidh Nottingham Forest ag Old Trafford ar an 27 Nollaig.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram