Chuir Leo Varadkar cosc ar airí fóin a thabhairt chuig cruinnithe Rialtas i measc imní ollmhór faoi spiaireacht na Rúise (Russian spying).
Luaigh foinsí freisin an frustrachas a bhaineann le ‘leaks’ ó chruinnithe ardleibhéil na n-airí.
Tá treoir tugtha anois do na hairí a bhfóin, a dtáibléid agus a ngléasanna eile a fhágáil i ‘pigeon hole’ lasmuigh den seomra.
Tá imní gur féidir le rialtais eachtracha ‘hacking' a dhéanamh ar fóin agus éisteacht le comhráite, agus an Rúis ag fostú foirne ollmhór ‘hackers’ chun insíothlú (infilitrate) gléasanna leictreonacha.
Meastar gur príomhsprioc í Éire le haghaidh spiaireachta thionsclaíoch, mar an ceanncheathrú Eorpach ag go leor de chuideachtaí teicneolaíochta an domhain agus 1,700 cuideachta ilnáisiúnta.
Dúirt foinse Rialtais gur bhain na hathruithe le ‘comhairle slándála nuashonraithe’ amháin.
Leo Varadkar Pic: Laura Hutton/Photocall Ireland
Nuair a fiafraíodh de an raibh imní ar an Rialtas faoin spiaireacht, dúirt foinse: ‘Is ar bhonn comhairle slándála a fuarthas le déanaí agus sin amháin. Seo an norm i bhformhór rialtais na hEorpa.’
Ach dúirt foinse eile go raibh ‘leaks’ ó chruinnithe Comh-Aireachta (Cabinet), agus mar sin tá amhras ann nach bhfuil baint ag an riail nua leis an tslándáil náisiúnta amháin.
D'eisigh an tUasal Varadkar treoir scríofa do na hairí go léir ag rá leo nach féidir leo fóin a thabhairt isteach i gcruinnithe a thuilleadh. Dúirt sé gur féidir leo a gcuid gléasanna a fhágáil i seomra in aice le seomra na Comh-Aireachta i dTithe an Rialtais agus cuirfear ‘pigeon holes’ ar fáil freisin.
Ní raibh an tUasal Varadkar gan a chonspóid ‘leaks’ é féin. D'fhiosraigh gardaí as doiciméad rúnda rialtais – dréachtchonradh ‘GP’ – a scaoileadh chuig duine dá chairde leighis.
Chinn an DPP gan ionchúiseamh a dhéanamh faoi.
Cúisíodh an tAire Dlí agus Cirt Sealadach Simon Harris freisin as faisnéis a sceitheadh ón gComh-Aireacht.
Mhaígh TD de chuid Shinn Féin Matt Carthy, faoi phribhléid Dála anuraidh: ‘In áit a bheith ag déileáil leis an gcontúirt, bhí ‘sting operation’ á reáchtáil ag Fine Gael chun a chur in iúl go raibh Simon Harris tar éis an ceapachán a scaoileadh ó chruinniú na Comh-Aireachta.’
Shéan an tUasal Harris go láidir do chúisimh an Uasail Carthy, ag rá gur mí-úsáid de phribhléid Dála é.