Oscar breá: Scannán mór le rá Gaeilge, An Cailín Ciúin, ar ghearrliosta Oscars

Tá an scannán Gaeilge, mór le rá, An Cailín Ciúin, ar an ngearrliosta d’ainmniúchán Oscars, sa chatagóir Príomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr.

Bhí an scannán ar cheann de 15 scannán ar an ngearrliosta i Los Angeles inné.

Fógrófar liosta deiridh na n-ainmnithe do na 95ú Gradaim Acadaimh i mí Eanáir.

Sé sin le rá, níl ainmniúchán do ghradam Oscar faighte ag An Cailín Ciúin go fóill, mar beidh cúig scannán as an 15 ar an ngearrliosta le roghnú.

Ach fós, tá seans anois ann go mbeidh An Cailín Ciúin san iomaíocht nuair a fhógrófar na hainmniúchán faoi dheireadh mhí an Mhárta.

cailin
Cailín maith: An stiúrthóir Colm Bairéad agus léiritheoir Cleona Ní Chrualaoí. Pic: Brian McEvoy

Bhí scannán as 92 tír ar fad san iomaíocht d’áit ar an ngearrliosta don Phríomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr.

Bunaithe ar úrscéal Claire Keegan, Foster, is dráma faoi teacht in aois é an scannán, arna stiúradh ag Colm Bairéad.

Déanann sé staidéar ar brí an teaghlaigh trí shúile cailín óig a ndearnadh faillí uirthi.

Suite faoin tuath in Éirinn, i 1981, is scéal é faoi an cailín Cáit (Catherine Clinch) agus í á cur óna teaghlach féin, atá mífheidhmiúil, chun cónaí lena gaolta ar feadh an tsamhraidh.

Maoiníodh an scannán trí scéim Cine4 ag TG4, Screen Ireland, agus Údarás Craolacháin na hÉireann (Broadcasting Authority of Ireland).

Tá breis is €1milliún déanta aige, i mbrabús, i bpictiúrlanna in Éirinn agus sa Bhreatain, agus tá sé ar an scannán Gaeilge is rathúla riamh, agus roinnt duaiseanna buaite aige.

Tá go leor duaiseanna eile buaite ag An Cailín Ciúin, ina measc ocht ngradam IFTA, An Grand Prix agus Duais Speisialta an Ghiúiré Idirnáisiúnta sa Roinn ‘Generation KPlus’ ag an Berlinale, Féile Scannán Bheirlín, Gradam Lucht Féachana Virgin Media, agus duais don Scannán is Fearr as Éirinn ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath.

Ainmníodh an gearrscannán grinn, An Irish Goodbye, atá lonnaithe faoin tuath in Éirinn freisin sa ghearrscannán ‘live action’.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram