Codladh sámh mo ghrá geal: teachtaireacht bhrónach do laoch na Liobáine ó fiancée chroíbhriste

17/12/2022

Tá ómós grámhar tugtha ag fiancé croíbhriste an Pte Seán Rooney do laoch na Liobáinena maraíodh tar éis luíocháin (ambush).

Bhí an céimí ollscoile Holly McConnellogue, 22, ag tnúth leis an Nollaig a chaitheamh lena céilí ionúin (beloved partner), ar bhuail sí léi i nDoire trí bliana ó shin.

Bhí an bheirt gnóthach freisin ag pleanáil a bpósta, a bhí le bheith ar siúl i samhradh na bliana seo chugainn.

Tuigtear go bhfuair Holly téacs ó Sheán, 23, cúpla uair an chloig sular tháinig an tragóid chun solais oíche Chéadaoin.

Mhínigh Seán nach bhféadfadh sé labhairt léi ar Facetime mar go raibh air beirt shaighdiúirí a thiomáint chuig an aerfort i mBéiriút le go bhféadfaidís filleadh ar Éirinn le haghaidh sochraidí.

Go luath maidin Déardaoin, fuair sí an scéal uafásach nach mbeadh a fiancé ag filleadh abhaile choíche.

Thug sí ómós simplí do Sheán ar na meáin shóisialta.

Sean Rooney 2 768x448 2
Laoch na Liobáine, Seán Rooney: ‘Bhain sé an oiread sin grá dá dhaidí (nach maireann), tabhair aire do mo ghasúr, Cormac.’

Dúirt sí: ‘Seán, grá mo shaoil, mo pháirtí, mo chara is fearr agus anois m’aingeal. Codladh sámh. Grá i gcónaí, Holly.’

Chuir sí in iúl chomh maith cé chomh díograiseach is a bhí Seán dá athair nach maireann, Cormac, a bhí ina bhall freisin den 27ú Cathlán ag Dún Uí Aicne i nDún Dealgan.

Scríobh sí: ‘Bhain sé an oiread sin grá dá dhaidí, tabhair aire do mo ghasúr, Cormac.’

Bhí Pte Rooney ag freastal ar mhisean síochánaíochta de chuid na Náisiún Aontaithe (NA) sa Liobáin nuair a ionsaíodh a fheithicil thart ar 11.15pm, am áitiúil, Dé Céadaoin.

Scaradh an 4×4 ina raibh sé féin agus triúr eile ag tiomáint go hAerfort Béiriút ó fheithicil eile a bhí ag taisteal leo, agus ionsaíodh é i sráidbhaile Al-Aqbieh, atá faoi smacht an ghrúpa cathach Hezbollah.

Tuigtear go raibh slua armtha timpeall ar an bhfeithicil agus de réir mar a rinne an saighdiúir óg iarracht tiomáint uaidh, bhuail roinnt urchair an fheithicil armúrtha.

De réir meáin na Liobáine, fuair Pte Rooney bás de bharr créachta piléar (bullet wound) sa cheann.

Tá scrúdú iarbháis (autopsy ) ar siúl sula scaoilfear a chorp chuig Óglaigh na hÉireann lena aisdúichiú.

Gortaíodh sa chloigeann a chomhghleacaí Shane Kearney, 22, as Cill Ia, Co. Chorcaí, nuair a chuaigh an 4X4 ar ceal. Tá sé fós i gcoma spreagtha (induced coma) ag ospidéal i Hammoud atá faoi rialú na NA. Tá cóir leighis á cur ar beirt shaighdiúir eile freisin le haghaidh mionghortuithe.

Lebanon 3
Ionsaíodh an 4X4 i sráidbhaile Al-Aqbieh, atá faoi smacht an ghrúpa cathach Hezbollah.Pic: MAHMOUD ZAYYAT/AFP via Getty Images

Idir an dá linn, gheall príomhaire na Liobáine Najib Mikati go ngearrfar pionós orthu siúd a bhí freagrach as an ionsaí.

Dúirt sé: ‘Tá imscrúduithe ar marú an tsaighdiúra Éireannaigh ag leanúint ar aghaidh, agus an té a gheofar ciontach cuirfear an pionós air.

‘Cuirimid ár mbuíochas in iúl as an méid a rinne Unifil a rson síocháin i ndeisceart na Liobáine.’

‘Táim anseo chun a dheimhniú arís go bhfuil mise agus muintir na Liobáine buíoch as an obair atá á déanamh ag Unifil, in éineacht leis an arm, chun síocháin agus suaimhneas a chothú sa deisceart.’

Tar éis na heachtra, dúirt oifigeach sinsearach Hezbollah Wafiq Safa gur tharla an bás tar éis ‘eachtra neamhbheartaithe’ (‘unintentional incident’) agus d’iarr sé ar daoine gan an grúpa a ‘chur isteach’ san eachtra.

Tá sé ráite ag an Aire Coveney, áfach, nach nglacann sé le gealltanais ó Hezbollah nach raibh baint acu leis an ionsaí.

‘Ní ghlacaimid le haon gealltanais go dtí go mbeidh imscrúdú iomlán curtha i gcrích againn chun an fhírinne iomlán a fháil,’ a dúirt sé le Nuacht RTÉ.

Dúirt an tAire freisin go mbeidh trí imscrúdú ar siúl; stiúrfaidh Éire ceann amháin, stiúrfaidh na Náisiúin Aontaithe ceann eile agus stiúrfaidh an Liobáin ceann eile.

Tá sé deimhnithe ag Óglaigh na hÉireann go seolfaidh siad sainfhoireann go dtí an Liobáin chun imscrúdú a dhéanamh ar na cúinsí ar fad roimh an ionsaí.

Beidh sé de chúram ar ochtar oifigeach san iomlán, lena n-áirítear speisialtóirí i mbainistíocht struis, cúnamh a thabhairt dóibh siúd a bhí gafa san ionsaí oíche Dé Céadaoin, a tharla i mbaile Al-Aqbieh, díreach lasmuigh de limistéar oibríochtaí trúpaí na Náisiún Aontaithe i ndeisceart na Liobáine.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram