Teaghlaigh ag íoc €3,000 sa bhreis, agus arduithe eile ag teacht

Beidh teaghlaigh ag íoc €3,000 sa bhreis sa bhliain ar a gcuid morgáistí – agus beidh níos mó le híoc freisin.

Tá Banc Ceannais Eorpach (European Central Bank, ECB) a rá go bhfuil níos mó arduithe rátaí ag teacht.

Tagann an t-ardú is déanaí ar íocaíochtaí morgáiste tar éis don ECB rátaí úis a ardú faoi 0.5% eile Déardaoin, ag tógáil an ráta go dtí 2.5%.

Cuirfidh an t-ardú is déanaí €250 sa bhreis in aghaidh na míosa le morgáiste €200,000, nó €3,000 in aghaidh na mbhliana, nuair a thógfar arduithe uile na bliana seo san áireamh.

Mar sin féin, níl an Tánaiste Leo Varadkar sásta faoiseamh ús morgáiste a thabhairt isteach d’úinéirí tí, a bhfuil orthu déileáil le bunráta an ECB ag ardú ó 0% i mí Iúil go 2.5% anois, tar éis ceithre ardú ar leith.

Dúirt sé go mbeadh ghá an Buiséad a athoscailt chun é sin a dhéanamh.

grocery 1

Dúirt sé nach gcuirfidh an Rialtas as an áireamh é don todhchaí, ach nach bhfuil aon phleananna faoi láthair faoiseamh ús morgáiste a thabhairt isteach.

Tá an ECB réidh chun rátaí úis a ardú don cheathrú huair, agus iad ag iarraidh an t-ardú ar bhoilsciú (inflation) a mhoilliú.

Tá sé fógartha cheana féin ag Banc na hÉireann go bhfuil a rátaí úis ag ardú 0.25% do mhorgáistí nua atá ar ‘fixed-rate’.

Dúirt an tUasal Varadkar go raibh súil aige gurb é an t-ardú rátaí is déanaí ná an ceann deireanach, ‘nó an dara ceann deireanach’.

Ach dúirt uachtarán an ECB, Christine Lagarde, áfach, nárbh é an méadú deireanach é.

‘Shocraigh an Chomhairle Rialaithe (Governing Council) inniu na trí phríomhráta úis BCE a ardú 50 bonnphointe agus, bunaithe ar an athbhreithniú suntasach aníos ar an ionchas boilscithe (inflation outlook), táimid ag súil go n-ardóidh siad arís,’ a dúirt sí.

Tá boilsciú sa Eurozone ag 10% faoi láthair, agus ag 8.9% in Éirinn.

Mar sin féin, níl an ECB ag súil go dtitfidh boilsciú go 2.4% – laistigh dá sprioc ‘gar do 2%’ – go dtí 2025.

Dúirt urlabhraí airgeadais de chuid Sinn Féin Pearse Doherty leis an Dáil Déardaoin: ‘Tá ár seasamh déanta againn arís agus arís eile anseo ag Sinn Féin, agus deirim arís é, gur cheart do na bainc na rátaí úis seo a glaca ar mhaithe lena gcustaiméirí.

‘Tá siad in ann brabúis a fháil i gcomhthéacs rátaí úis a ardú agus níor cheart é sin a tharla. Ba cheart dóibh an rud ceart a dhéanamh agus d’iarrfainn ar an Rialtas aontú leis an glao sin.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram