LAOCH NA LIOBÁINE: Cuntais fhinné súl ar an ionsaí ar choimeádaithe síochána na hÉireann

16/12/2022

Is cuntas é seo ar an ionsaí ar choimeádaithe síochána na hÉireann sa Liobáin. Tá sé bunaithe ar fhianaise físe agus ar thuairiscí finnéithe súl.

Bhí dhá SUV ag iompar trúpaí Éireannacha óna mbunáit i ndeisceart na Liobáine go Béiriút nuair a ionsaíodh iad, de réir chuntas meáin na Liobáine agus finnéithe súl.

Bhí na feithiclí marcáilte go soiléir le feathail (emblem) na Náisiún Aontaithe (NA).

Taispeánann físeán den ionsaí ceann de na SUVanna Toyota na NA ag luascadh chun slua, agus feithicil, a sheachaint i lár an bhóthair ghnóthach an chósta, trí bhaile Al-Aqbieh i gceantar Sidon i ndeisceart na Liobáine.

Tá an suíomh idir ceantair Zahrani agus Tíre.

De réir físfhinnéithe súl (eyewitness video), á labhairt in Araibis, agus aistrithe ag an Irish Daily Mail, bhí na sluaite fear amuigh ar an tsráid tar éis féachaint ar an bhFrainc in aghaidh Maracó i gcluiche leathcheannais Chorn an Domhain. Tá an leagan seo d’imeachtaí le fáil i gcuntas scríofa eile ar líne freisin.

Seans go raibh cuid de na fir ar an tsráid ina mbaill de mhílíste áitiúil a bhí ceangailte leis an Hezbollah, le tacaíocht Iaráin, i gceantar i ndeisceart na Liobáine ina bhfuil gunnaí ag go leor cónaitheoirí.

De réir anailíse ar thrí fhíseán den scannánú a rinne aistritheoir Araibise, a rugadh sa Phalaistín, don Irish Daily Mail, scairteann duine den slua ar an mbóthar ‘deartháir b****’ ar an SUV.

Sean Rooney 2 768x448 2
Seán Rooney

Ina dhiaidh sin tá fear eile ag scairteadh ‘sin é!’ agus feictear fear amháin ag rith ar chúl na feithicle atá faoi úinéireacht áitiúil agus atá i lár na sráide.

Scaoiltear ar a laghad 12 urchar ar fheithicil na NA. Feictear spréacha (sparks) nuair a bhuaileann an ceathrú seat an jíp, a leanann ar aghaidh ag taisteal.

De réir ghrianghraif agus chuntais fhinné súl, casann sé ansin ar chlé agus iompaíonn sé idir siopa áitiúil agus bloc árasán mór daite oráiste agus bánbhuí.

Taispeánann píosaí scannáin uafásacha ar fón saighdiúir Éireannach ag lámhacán amach as cúl na feithicle. Taispeánann grianghraif eile daoine ag dreapadh isteach i mbarr na feithicle in iarracht na fir a bhaint amach.

Is féidir ‘paramedic’ i veist geal buí a fheiceáil ina sheasamh in aice leis an bhfeithicil agus an tarrtháil (rescue) ag leanúint ar aghaidh.

Léiríonn físeán eile na mórán daoine bailithe timpeall na feithicle ag breathnú ar na hiarrachtaí tarrthála nó ag cabhrú leo.

Taispeánann grianghraif eile a tógadh le solas an lae Déardaoin go bhfuil an fhuinneog cúil briste agus go bhfuil painéal mór miotail ar chúl na feithicle imithe.

Scríobh Bassam Mawlawi, Aire Intíre na Liobáine, in Araibis ar Twitter nach n-éireoidh le sárú ar fhórsaí na síochánaíochta gan chuntasacht, toisc go gcaomhnaítear sábháilteacht shíocháin na NA ‘ina dhualgas atá bunaithe ar ár gcreideamh iomlán sa tábhacht a bhaineann le rúin idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm’.

Thaispeáin cuntas Twitter de chuid rialtas na Liobáine gur thug ceannasaí an Hariri Foundation for Sustainable Human Development, Bean Bahia Al Hariri, cuairt ar Ospidéal Ollscoile Hammoud, áit ar tógadh na hÉireannaigh a gortaíodh.

Is ball í Al Hariri de pharlaimint na Liobáine, ambasadóir dea-mhéin UNESCO agus deirfiúr le hiar-phríomh-aire na Liobáine, Rafic Hariri, a maraíodh i buama cairr in 2005.

Thaispeáin sé grianghraif de Bean Al Hariri in aice le leapacha an tsaighdiúra, ach níor taispeánadh aghaidh an tsaighdiúra gortaithe.

Dúirt sé go raibh sí ‘ar a suaimhneas faoi riocht na saighdiúrí gortaithe  Éireannacha’ agus ‘léiríodh a brón mór faoin méid a tharla’.

Chuir Bean Al Hariri comhbhrón in iúl d’uachtarán na Liobáine agus a nia, an t-iar-phríomh-aire, Saad Al Hariri, chomh maith lena comhbhrón pearsanta, le trúpaí na Náisiún Aontaithe as cailliúint an tsaighdiúra Éireannaigh’ agus a mianta le téarnamh gasta a bhaint amach do an lucht gortaithe.’

Tá an-eolas ag Bean Hariri ar choimeádaithe síochána na Náisiún Aontaithe Éireannacha sa cheantar, agus is as ceantar Sidon í.

Ba é iar-leas-Choimisinéir an Gharda Síochána, Peter FitzGerald, a bhí i gceannas ar an bhfiosrúchán, faoi cheannas na NA, ar dhúnmharú a dearthár, agus chuir sé agallamh ar bhaill de theaghlach Al Hariri.

Chuir Tony Boulos, iriseoir ón Liobáin a oibríonn don leagan Arabach den nuachtán Briotanach, The Independent, roinnt físeáin uafásach  ar Twitter faoin lámhach.

Mar fhreagra air sin, cháin fear amháin ón Liobáin, Saker Chanin, go feargach an Iaráin as urraíocht a thabhairt do Hezbollah, mílíste Shia a bhfuil blianta fada caite ag seoladh ionsaithe ar Iosrael ó trasna na teorann Liobáine.

Dúirt an tUasal Chanin go n-aimseoidh cumhachtaí an Iarthair bealaí chun an milleán atá tuillte ag an Iaráin sheachaint,  as gníomhartha ‘olc; Hezbollah‘. Is scum daonna iad an Iaráin agus a cuid mílíste salach,’ a scríobh sé.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram