Rabhadh: Imigh amach as an Liobáin anois!

25/10/2023

Deir an Rialtas le saoránaigh Éireannacha dul amach as an Liobáin, áit atá 344 dár saighdiúirí lonnaithe

Mhol an Roinn Gnóthaí Eachtracha go láidir do gach saoránach Éireannach sa Liobáin ‘fág anois agus roghanna tráchtála fós ar fáil’.

Tá an Roinn ag moladh go láidir freisin gan aon taisteal go dtí an tír ag an am seo.

Tá iomlán de 344 saighdiúirí Éireannach ón 122ú Cathlán Coisithe (Infantry Battalion) ar an teorainn idir Iosrael agus an Liobáin, agus iad idir fórsaí freasúra.

Lebanon Irish Troops 1 col mceoin 1
Ag ullmhú chun dul chuig an Liobáin: Oifigeach ceannais an 123ú cathlán, an Leifteanantchoirnéal Stiofán Mac Eoin Pic: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Agus tá 133 trúpa Éireannach eile lonnaithe ar mhisean síochánaíochta sna Golan Heights idir an tSiria agus Iosrael.

Chomh maith leis sin tá Óglaigh na hÉireann ag ullmhú faoi láthair chun 343 pearsanra a sheoladh ón 123ú Cathlán Coisithe chun teacht in ionad iad siúd atá ar seirbhís sa Liobáin Theas faoi láthair.

Tá na trúpaí seo ag tabhairt cleachtaí ullmhachta misin chun críche faoi láthair.


Léigh níos mó

‘Terror alert’: Táimid réidh a deir saighdiúirí Éireannacha

Saighdiúirí Éireannacha réidh le haghaidh ardú foréigean i ndiaidh bhuamáil ospidéal Gaza


Tagann an chomhairle nua ón Roinn Gnóthaí Eachtracha de réir mar a mhéadaíonn ionsaithe Iosrael ar deisceart na Liobáine.

Tá sé maíte ag míleata Iosrael gur bhuail a chuid fórsaí cúig scuad i ndeisceart na Liobáine a bhí ag ullmhú chun ionsaí a dhéanamh ar Iosrael.

Dúirt grúpa Hezbollah na Liobáine, a fhaigheann tacaíocht ón Iaráin, gur maraíodh 42 dá trodaithe ó thosaigh cathanna teorann le saighdiúirí Iosraelacha arís tar éis do chogadh Gaza tosú arís, níos luaithe an mhí seo.

Mar gheall ar cathanna Iosrael-Hezbollah tá na sibhialtaigh neirbhíseach ar an dá thaobh den teorainn.

‘Mar gheall ar an gcoimhlint leanúnach in Iosrael agus na Críocha Palaistíneacha  faoi Fhorghabháil (occupied Palestinian territories), tá staid na Liobáine fós an-míshocair,’ a dúirt an Roinn i ráiteas tráthnóna Dé Céadaoin.

Lebanon Irish Troops 2 brothers 1
Beidh sé seo ar an gcéad mhisean ag beirt deartháireacha ó Chill Chainnigh atá ina saighdiúirí, Tiarnan agus Caolan O’Reilly, atá 24 agus 22 bliain d’aois. Pic: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

‘Mar gheall ar dhothuarthachta (unpredictability) an scéil, d’fhéadfadh imeachtaí dul in airde gan mórán foláirimh. D’fhéadfadh tionchar a bheith aige seo ar bhealaí amach as an Liobáin.’

Dúirt an Roinn gur cheart go mbeadh a fhios ag saoránaigh, i gcás go dtagann meath ar an staid pholaitiúil nó shlándála, gur dócha go mbeidh siad teoranta ó thaobh an chúnaimh gur féidir leo a sholáthar.

‘Níor cheart do shaoránaigh brath ar roghanna aslonnaithe a bheith indéanta mura mbíonn roghanna tráchtála ar fáil,’ a dúirt sé.

Tá imní léirithe ag ceannairí domhanda go bhféadfadh sé seo Iosrael a tharraingt isteach i gcoimhlint níos leithne le tíortha eile sa réigiún, rud a chuirfeadh lena chogadh in aghaidh Hamas.

Tá Iosrael ag dul in aghaidh Gaza tar éis an ionsaí ag Hamas agu marú 1,400 duine.

Go dtí seo, maraíodh níos mó ná 6,500 Palaistíneach, de réir na n-údarás sláinte atá á reáchtáil ag Hamas i nGaza, agus tá faitíos ann go n-ardóidh an méid sin a thuilleadh má bhrúnn Iosrael ar aghaidh le hionradh talún.

Dúirt Hezbollah go raibh cainteanna ar bun ag oifigigh shinsearacha na ngrúpaí míleatach Palaistíneacha Hamas agus Jihad Ioslamach le ceannaire Hezbollah Hassan Nasrallah faoi ‘bua fíor’ a bhaint amach ina gcogadh le hIosrael.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram