Imscrúdú póilíní: Fuair mac léinn Éirinneach bás tar éis di dul go Bali le haghaidh ‘minor dental work’

Tá tuismitheoirí brónacha ag éileamh freagraí tar éis bhás iníon Éirinneach a d’eitil go Bali le haghaidh mionchóireáil fiaclóireachta (minor dental work).

Tá imscrúdú seolta ag póilíní na hIndinéise roinnt seachtainí tar éis di bás a fháil.

D’eitil Niamh Finneran Loader chuig an oileán ó Mandurah, ó dheas de Perth san Astráil, chun cóireáil fiaclóireachta a fháil go luath i mí na Nollag.

Tá cur síos ar an mac léinn, a bhí 25 bliain d’aois, mar duine ‘cliste agus tiomnaithe’ a d’aistrigh go Perth as Éirinn lena teaghlach nuair a bhí sí ina cailín óg.

Ní dhearnadh uathóipse ach Dé Luain, coicís tar éis a báis ar an oileán saoire.

Bhí an mac léinn cumasach ‘an-sásta’ le torthaí na hoibre fiaclóireachta, a dúirt a hathair Malcolm Loader leis an nuachtán West Australian.

Niamh Finneran1
Niamh Finneran Loader

Dúirt sé: ‘Tá na póilíní ag fiosrú faoi láthair … níl tuairim ar bith againn [cad ba chúis lena bás] ag an bpointe seo.’

Dúirt sé go raibh ‘todhchaí iontach chun tosaigh ag a iníon’.

Ní bheidh a fhios ag a tuismitheoirí cúis bhás a n-iníne ar feadh roinnt seachtainí nó b’fhéidir fiú míonna de réir mar a leanann póilíní na hIndinéise ag fiosrú.

Tá an lánúin i Bali faoi láthair áit a bhfuil siad ag ullmhú chun corp Ms Loader a thabhairt ar ais abhaile go dtí Iarthar na hAstráile.

Tá $36,000 bailithe ag tiomsaitheoir airgid GoFundMe chun cabhrú le costas an aisdúichithe a chlúdach.

Dheimhnigh Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hAstráile bás tragóideach Ms Loader inné.

Bhí sí ag déanamh staidéir ar chéim Mháistreachta sa chaidreamh idirnáisiúnta in University of Western Australia. Bhí sí le taisteal go dtí na Stáit Aontaithe i mí Feabhra, tar éis di intéirneacht a fháil le Mannkal Economic Education Foundation.

Dúirt urlabhraí ón bhfondúireacht: ‘Tá ionadh agus brón orainn a chloisteáil faoina bás.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram