Tá 44 múinteoir rince Gaelach á bhfiosrú mar gheall ar scannal ollmhór maidir le socrú iomaíochta (competition fixing).
D’fhógair comhlacht rialaithe an rince Ghaelaigh, An Coimisiún le Rincí Gaelacha (CLRG), na fiosrúcháin inné.
Cuirfidh painéal seachtrach (external) agallamh ar an 44, mar chuid d’imscrúdú ollmhór, faoi bhreitheamh den Chúirt Chuarda atá ar scor.
Bhí 12 múinteoir rince Gaelach san áireamh sa chonspóid ar dtús ach an tseachtain seo caite thuairiscigh an Irish Daily Mail go raibh méadú tagtha ar an gconspóid.
Dúirt figiúr amháin de chuid CLRG go bhféadfadh os cionn 100 duine a bheith san imscrúdú ar deireadh.
Tá sé seo bunaithe ar teacht chun cinn teachtaireachtaí Whatsapp chuig breitheamh damhsa atá bunaithe sna Stáit Aontaithe, inar líomhnaítear gur iarradh air comórtais a shocrú.
Tá na teachtaireachtaí Whatsapp sin curtha ar aghaidh chuig an CLRG.
Inné, sheol cathaoirleach CLRG James McCutcheon litir chuig baill ag rá leo go mbeadh an 44 ag tabhairt aghaidh ar éisteachtaí smachtaithe (disciplinary hearings).
Áirítear ar an 44 an 15 múinteoir atá curtha ar fionraí cheana féin ó bhreithiúnas i gcomórtais.
Tá an t-imscrúdú á stiúradh ag Michael Peart, breitheamh scortha den Chúirt Achomhairc.
Sheol an CLRG litir chuig baill ag rá go bhfuil sé le Cruinniú Ginearálta Urghnách (Extraordinary General Meeting) a reáchtáil chun aghaidh a thabhairt ar an scannal ‘go práinneach’. Ach tá roinnt ball mór le rá den CLRG ag iarraidh cruinniú físe ar líne níos leithne do thoscairí (delegates) domhanda.
Dúirt Ronan McCormack, duine de na cáinteoirí is glórtha ar cheannaireacht CLRG ó bhris an scannal, go mbeadh cruinniú Zoom i bhfad níos éasca do chomhaltaí le linn thréimhse ghnóthach taistil na Nollag.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.