Tá DHÁ rabhadh Stádas Buí eisithe ag Met Éireann agus tá foláireamh tugtha, freisin, go bhfuil oighear ag teacht in éineacht le teocht an-íseal.
Titfidh an teocht chomh híseal le -4C an tseachtain seo.
Tá foláireamh tugtha ag Met Éireann gur seachtain ‘an-fhuar’ a bheidh ann agus go bhfuil ‘airmass’ an Artaigh ag teacht isteach.
Mar gheall ar sin beidh siocán géara (sharp frost), oighear (ice) ar na bóithre, clocha sneachta (sleet), agus sneachta.
Dúirt Met Éireann go mbeidh ‘coinníollacha guaiseacha’ (hazardous conditions) ann agus siocán, agus oighear géar ar na bóithre. Agus go dtitfidh teocht go ginearálta go – 4C. Ritheann an chéad rabhadh Stádas Buí, faoi oighear, ó mheán oíche anocht (Dé Céadaoin) go meán lae amárach (Déardaoin) agus an stoirm bhioranta ag teacht isteach ón Iorua. Beidh an dara rabhadh ar siúl ó 10pm oíche Déardaoin go dtí 10am maidin Dé hAoine.
Ina réamhaisnéis is déanaí, thug Met Éireann le fios go mbeidh ‘fuacht searbh’ ann, oíche Déardaoin, agus an teocht ag titim chomh híseal le -4C in áiteanna áirithe.
Dúirt siad: ‘Oíche an-fhuar eile le sioc forleathan go géar agus roinnt paistí le oighear. Teocht ag -4 go -1 céim le gaotha eadroma. Beidh sé tirim agus soiléir ag an chuid is mó de na háiteanna, ach beidh roinnt ceathanna geimhridh ann uaireanta, gar do chóstaí thuaidh den chuid is mó.’
Idir an dá linn, tá sé ráite ag Met Éireann go bhfeicfear an chéad ghiotán sneachta oíche Dé Céadaoin, chomh maith le titim báistí, clocha sneachta agus coinníollacha oighreata.
Mairfidh ceathanna geimhridh go dtí Dé hAoine, ach bheidh siad in aice le cóstaí go háirithe in iarthar na tíre. Mar sin féin, fanfaidh an chuid is mó d’Éirinn tirim go leor.
Ag plé oíche Dé hAoine, scríobh siad: ‘Táthar ag súil le sioc forleathan le meascán de scamaill agus tréimhsí soiléire de réir mar a thiteann an teocht is ísle go dtí idir -3 agus -1 céim go ginearálta. Leanfaidh ceathanna geimhridh cois cósta in aice le cóstaí an iarthair.
‘Cé nach féidir cith nó dhó geimhridh a chur as an áireamh in aon áit eile, oíche thirim a bheidh ann den chuid is mó. Forbróidh ceo, nó ceo an-fhuair de réir mar a théann an oíche ar aghaidh, ag éirí sách dlúth tríd an lár tíre go maidin.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.