Go mall ag dul ‘bonkers’: Ach tá Mark Feehily ar an mbóthar chuig téarnamh

06/12/2022

Chuir Mark Feehily nuashonrú (update) sláinte ar fáil tar éis dó a bheith diagnóisithe le niúmóine (pneumonia). Dúirt sé lena lucht leanúna go bhfuil sé ag dul ‘bonkers’.

Tá an ball Westlife ar iarraidh ó chamchuairt na Breataine an bhanna le déanaí, tar éis dó a streachailt sláinte a nochtadh an tseachtain seo caite.

Seachtain ina dhiaidh ar tháinig an eolas faoina bhreoiteacht chun solais, chuir Mark a lucht leanúna ar a suaimhneas, ag rá leo go bhfuil sé ar an mbóthar chuig téarnamh (recovery) agus é ag gabháil buíochais leo as a dteachtaireachtaí tacaíochta (messages of support).

mark 480x672 1
Mark Feehily

Ag labhairt dó óna leaba i T-léine dhubh, dúirt Mark: ‘Hey Everybody – díreach a bualadh isteach chun Hi a rá agus buíochas mór as na teachtaireachtaí GWS ar fad!

‘Tá ag éirí go maith liom, níl le déanamh ach cloí le plean an dochtúra. Tá mé go mall ag dul “bonkers”, mar níl mé leis an turas, ach ag fanacht sa leaba an lá ar fad. Ba mhaith liom a bheith ar ais ar an stáitse chomh luath agus is féidir. Is é an “doc” atá ag rá liom a bheith foighneach agus téarnamh 100% a fháil, ionas gur féidir liom bogadh ar aghaidh agus é a chur taobh thiar dom.

‘Go leor grá daoibh go léir. Tá súil agam go bhfeicfidh mé sibh go luath.’

Tá Kian Egan ar dhuine den iliomad daoine atá ag seoladh tuairimí tacaíochta chuig Mark agus é ag teacht chucu féin, ag insint dó nach mbeidh sé i bhfad sula mbeidh sé ar ais ar an stáitse.

Dúirt duine amháin: ‘Tá go leor grá á sheoladh chugat.’

Dúirt duine eile: ‘Go n-éirí leat go luath, Mark, feicfidh mé an bhliain seo chugainn thú.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram