Chonaic mé bulaíocht in RTÉ, a deir Eileen Dunne

Thug iar-láithreoir nuachta Eileen Dunne le fios go raibh ‘bulaíocht á déanamh ar dhaoine’ feicthe aici i seomra nuachta RTÉ.

Dúirt sí freisin go bhfuil mná ag déanamh bulaíochta ar mhná eile ‘níos measa fós’.

Is beag nach d’éirigh Ms Dunne as a post roinnt blianta ó shin mar go raibh sí míshásta leis an gcaoi a raibh an craoltóir náisiúnta ag deileáil léi.

‘B’fhéidir go raibh eispéireas difriúil ag daoine eile, ach níor mhothaigh mé [bulaíocht] riamh. Tá bulaíocht á déanamh ar dhaoine laistigh agus lasmuigh den áit seo,’ a dúirt sí leis an RTÉ Guide.

eileen dunne
Eileen Dunne

‘Bhíodh caint ar na ‘carachtair’ timpeall an tseomra nuachta agus daoine ag rá, “Bhuel, níor tháinig sé in aice liom”. Ach ansin is féidir le daoine a n-íospartaigh a roghnú agus fios a bheith acu cad is féidir leo a dhéanamh,’ a dúirt sí.

Níor ainmnigh Ms Dunne aon duine a ghníomhaigh ar an mbealach sin, ach thug sí le fios nár thaitin sé léi nuair a dhéanann mná bulaíocht ar mhná eile.

‘An rud nach maith liom ná bean a dhéanann bulaíocht ar bhean eile, toisc go bhfeiceann sí na neamhchinnteachtaí (insecurities) sin. Tá sé sin feicthe agam, agus ní maith liom é,’ a dúirt sí.

Rinne Ms Dunne machnamh ar a 42 bliain leis an gcraoltóir, ag rá: ‘Níl mé ag éirí as an saol, tá mé ag éirí as RTÉ.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram