Is féidir comhráite Hutch agus Dowdall ar taifead na gardaí a úsáid sa triail dúnmharaithe Regency

02/12/2022

Is féidir comhráite, ar taifead na Gardaí,  idir Gerard ‘The Monk’ Hutch agus Jonathan Dowdall a úsáid mar fhianaise, dúirt na breitheamh i gcás dúnmharaithe na Regency.

Tá ionchúisitheoirí ag iarraidh úsáid a bhaint as na deich n-uaire de chomhrá sa chás in aghaidh Hutch sa Chúirt Choiriúil Speisialta.

Mhaígh dlíodóirí cosanta nár cheart leas a bhaint as na comhráite idir Hutch agus iar-chomhairleoir Shinn Féin Dowdall toisc go raibh siad taifeadta ag  gardaí le uirlís bugáil, lasmuigh den Stát, sa Tuaisceart.

Gerry Hutch 1
Gerard ‘The Monk’ Hutch PIc: Gareth Chaney Collins

Rinneadh na taifeadtaí seachtainí tar éis lámhach ball den Cartel Kinahan, David Byrne, ag Óstán an Regency.

Seinneadh iad ar feadh trí lá sa chúirt neamhghiúiré, i dtriail laistigh de thriail, ionas go bhféadfadh na breithiúna a gcinneadh a dhéanamh.

Agus inné dúirt an breitheamh atá i gceannas, Tara Burns, cé nach raibh aon chumhacht ag oifigigh Faireachais Náisiúnta (Garda National Surveillance) fianaise a bhailiú sa Tuaisceart, gur cheart na comhráite ar mhaithe a úsáid le ‘leas an cheartais’.

Dúirt an chúirt nach raibh aon chumhacht ag gardaí fianaise a bhailiú i stát eile agus nach féidir leo oibriú go neamhspleách i ndlínse eile.

Ach dúirt an Breitheamh Burns cé go raibh an fhianaise bailithe go neamhdhleathach, go raibh siad sásta nach raibh a fhios ag na hoifigigh go raibh sé mídhleathach ag an am.

Jonathan Dowdall 2 1
Jonathan-Dowdall Pic Collins Courts

Dúirt sí nach raibh aon sárú ar cheart bunreachtúil an Uasail Hutch ar a phríobháideachas.

Maíonn ionchúisitheoirí gur iarr Hutch ar Dowdall cruinniú a shocrú lena theagmhálaithe poblachtacha Sealadacha, chun idirghabháil a dhéanamh i ‘feud’ Hutch-Kinahan, mar gheall ar bhagairtí ar theaghlach agus chairde Hutch.

Deir siad gur tharla na comhráite agus iad ag taisteal ó thuaidh chuig cruinniú ar an Srath Bán (Strabane) i gCo Thír Eoghain ar an 7 Márta 2016 i Toyota Land Cruiser Dowdall, a rinne bleachtairí an Gharda Síochána bugáil air.

Séanann Hutch (59), le seoladh deireanach ag The Paddocks, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath 3, David Byrne (33) a dhúnmharú, le linn meáite dornálaíochta in Óstán an Regency ar an 5 Feabhra 2016.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram