Cloiseann achomharc Graham Dwyer gur ‘mass surveillance’ a bheadh i gceist le sonraí fón a choinneáil

Tá sé ráite ag dlíodóirí Graham Dwyer gur cineál faireachais ollmhóra (mass surveillance) é, má ligtear sonraí fón póca a choimeád.

Rinne siad an argóint agus an fear a fuarthas ciontach i ndúnmharú an oibrí cúraim leochaileach (vulnerable care worker) Elaine O’Hara ag achomharc (appeal) i gcoinne a chiontaithe.

Dúirt a dhlíodóirí má cheadaítear na sonraí fón a choinneáil, go n-athraíonn sé sin fóin go dtí feistí rianaithe (tracking devices) , ar féidir leo pictiúr mionsonraithe a nochtadh de gach gné de shaol duine.

Dúirt Remy Farrell SC, do Dwyer, leis an gCúirt Achomhairc, nár cheart sonraí fón póca a ligean isteach mar fhianaise i dtriail a chliaint.

Dúirt sé gur sárú ar a chearta faoin gCairt Eorpach um Chearta Bunúsacha é, na sonraí sin a choimeád.

Graham Dwyer 2 1
Graham Dwyer

Dúirt an tUasal Farrell go bhfuil sé ráite ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CJEU) “arís agus arís eile” nach féidir sonraí fón póca a choinneáil agus go gcaithfidh cúirteanna na hÉireann anois “inmheánachú” ar a bhfuil ráite ag an gcúirt Eorpach.

Dúirt Michael Bowman SC, ar son Dwyer freisin, gur bhreathnaigh an Breitheamh Tony Hunt ar an gcosantóir go han-mhídhiúltach ag pointe amháin nuair a bhí fianaise á éisteacht os comhair an ghiúiré i dtriail a chliaint, d’fhéach sé ar shiúl agus ansin “d’fhéach sé siar, síos ag an gcosantóir”.

Dúirt an tUasal Bowman gur cumarsáid neamhbhriathartha a bhí ann, agus gur féidir le giúiré eolas a fháil ar leideanna neamhbhriathartha.

Ciontaíodh Dwyer (50), ailtire a rugadh i gCorcaigh, le seoladh ag Carraig an tSionnaigh i mBaile Átha Cliath, sa Phríomh-Chúirt Choiriúil in 2015 i ndúnmharú Ms O’Hara ar an 22 Lúnasa, 2012. Bhí Ms O’Hara tar éis a bheith scaoileadh amach as ospidéal meabhair-shláinte díreach uair an chloig roimhe sin.

Chuala a thriail go raibh fantaise ag Dwyer faoi bhean a shá le linn gnéis agus gur bhain sé úsáid as Ms O’Hara chun a fantaisíocht a chomhlíonadh.

Tar éis dó í a dhúnmharú, d’fhág  sé cuid de na rudaí a bhí aici  i dtaiscumar (reservoir) Vartry i gCill Mhantáin agus rinne sé iarracht cuma a chur ar an áit go raibh a saol féin tógtha aici. Dhumpáil sé a corp i bhforaois inar aimsíodh é in 2013.

Dhírigh cuid mhór den fhianaise ag triail Dwyer ar theachtaireachtaí téacs idir fón “daor” a d’úsáid Ms O’Hara agus fón “máistir” a d’úsáid Dwyer agus ar ghluaiseachtaí na fóin sin.

Dúirt an tUasal Bowman go bhféadfadh an giúiré a bheith “faoi léigear” agus “ró-iompaithe” freisin faoi naoi bhfíseán de Dwyer a bheith dlúth le mná éagsúla. Tugadh na físeáin isteach sa triail chun méid a spéise i ngéibheann, disciplín agus sadomasochism (BDSM) a léiriú agus chun dúshlán a thabhairt dá mhaíomh nach raibh sé “i ndáiríre” i BDSM agus gur mhó suim Ms O’Hara ann.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram