Beirt chara de réalta hip-hop le Run-DMC ciontach as é a dhúnmharú

Mharaigh an ‘godson’ agus cara óna óige réalta Run-DMC, Jam Master Jay, toisc gur ghearr sé amach as margadh cócaoin iad

Ciontaíodh an mac baistí (godson) agus cara óna óige (childhood friend) le réalta Run-DMC Jam Master Jay as é a dhúnmharú i gCathair Nua-Eabhrac níos mó ná dhá scór bliain ó shin.

 Run-DMC
Run-DMC

Chuaigh Karl Jordan Jr, 40, agus Ronald Washington, 59, ina dhiaidh an ceoltóir ar a stiúideo taifeadta tar éis dóibh a bheith gearrtha amach as margadh drugaí, dúradh sa triail.

Bhí an ceannródaí (pioneer) hip-hop, leis an bhfíorainm Jason Mizell, 37 nuair a lámhachadh sa chloigeann é in Queens ar 30 Deireadh Fómhair 2002.

Rachaidh Jordan agus Washington chun príosúin anois ar feadh 20 bliain nó níos faide.

Bhí Mizell ar dhuine de bhunaitheoirí Run-DMC, an grúpa hip-hop mór le rá ar a bhfuil clú agus cáil ar amhráin sna 1980í mar It’s Tricky, It’s Like That agus i gcomhoibriú leis an mbanna Aerosmith, Walk This Way.

Ach de réir mar a tháinig laghdú ar éileamh an ghrúpa, bhí baint aige le gáinneáil (trafficking) cócaoin.

Dúirt ionchúisitheoirí (prosecutors) gur cheap Jordan agus Washington go bheidís mar chuid de mhargadh drugaí arbh fhiú beagnach $200,000 é, agus go raibh fearg orthu nuair a gearradh amach iad.

Jam Master Jay
Jam Master Jay

Níor réitíodh an dúnmharú ar feadh na mblianta sular cúisíodh an bheirt in 2020.

Beidh fear eile, Jay Bryant, os comhair trialach in 2026.

Tá sé cúisithe as dul isteach i stiúideo Mizell tríd an dhoras tosaigh agus ligean do Jordan agus Washington dul isteach trí dhoras ar gcúl a bhí faoi ghlas roimhe sin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram