Deir imreoir idirnáisiúnta rugbaí na hÉireann John Cooney go bhféadfadh sé imirt d’Albain

01/12/2022

Tá sé fógartha ag an imreoir idirnáisiúnta rugbaí John Cooney go bhfuil sé ag smaoineamh ar a dhílseacht idirnáisiúnta a aistriú go hAlbain.

Níl an geansaí glas caite ag an réalta Uladh le trí bliana anuas, mar sin is féidir leis dul go dtí náisiún eile más mian leis, de réir rialacha nua World Rugby.

Is as Baile Átha Cliath é Cooney ach cháilíonn sé d’fhoireann náisiúnta na hAlban trína athair.

Tá 11 caipín ag an ‘scrum-half’ d’Éirinn ach níor imir sé go hidirnáisiúnta ó na Sé Náisiún 2020.

Ag caint dó le an Ulster Rugby Show, de chuid an BBC, labhair Cooney, atá 32 bliain d’aois, faoi an deis atá aige dul i dteagmháil le hAlbain, roimh Chorn an Domhain na bliana seo chugainn.

johnCooney
John Cooney

‘Déanfaidh mé an cinneadh féin ar mo théarmaí féin, agus de réir mar a cheapaim féin go bhfuil sé ceart,’ a dúirt sé. ‘Tá cónaí ar leath de mo theaghlach in Albain agus is Albanach bródúil é m’athair.

‘Caithfidh mé a chinntiú go bhfuil gach rud i gceart liomsa le na hUltaigh ó thaobh an chonartha agus rudaí mar sin.

‘Chonaic mé daoine ag trácht air seo – feicim dearcadh daoine eile air ach de ghnáth is daoine iad nach bhfuil aon bhaint ná cleamhnas acu le tír eile.

‘Is féidir liom an dá thaobh den chomhrá a fheiceáil, ach ní bheidh mé ag éisteacht leis an torann ón taobh amuigh. Cibé rud a tharlaíonn, is eol dom go mbeadh mo Dhaid thar a bheith bródúil as, dá n-imrím d’Albain.’

De réir na treoirlínte nua incháilitheachta (eligibility guidelines) do World Ruby tá cead ag imreoir a ndílseacht idirnáisiúnta a athrú chomh fada agus atá trí bliana imithe ó bhí an caipín deireanach aige.

Tá Éire agus Albain le teacht le chéile i gcluiche Chorn an Domhain i Stade de France ar 7 Deireadh Fómhair na bliana seo chugainn.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram