Tá sé beartaithe ag lucht agóide tearmainn ‘East Wall’ a ngníomhaíocht a ghéarú

01/12/2022

Chuir grúpa de thart ar 100 duine bac ar bhóithre i mBaile Átha Cliath, oíche Dé Céadaoin, mar chuid d’agóidí leanúnacha faoi ionad tearmainn (asylum centre) áitiúil, rud a chuir moill ar Thollán an Chalafoirt ar feadh tamaill.

Dhún an grúpa, atá lonnaithe sa Phort Thoir (East Wall), i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, an calafort oíche Dé Luain freisin agus thug siad rabhadh go bhfuil sé beartaithe acu a gcuid agóidí a ghéarú.

Dúirt an grúpa go bhfuil agóidí ar bun cheana féin don tseachtain seo chugainn ach nach bhféadfadh siad a gcuid pleananna a nochtadh.

East Wall Protests 2 1
Malachy Steenson

Bhí láithreacht láidir ag Gardaí ann, chun an lucht agóide a chosaint ón trácht. Ag 6pm, mháirseáil an grúpa ón gcalafort agus tháinig siad le chéile achar gearr uaidh.

D’éirigh le na Gardaí tionchar na hagóidí a laghdú go suntasach.

Thosaigh muintir na háite  ag agóid an tseachtain seo caite, faoi úsáid a bhaint as iar-fhoirgneamh an ESB, chun cóiríocht a thabhairt d’iarrthóirí tearmainn.

Ar na meáin shóisialta, mhaígh cuid acu go ndeachaigh ‘slua ollmhóra’ amach tráthnóna Dé Céadaoin agus a gcuid iarrachtaí dírithe ar stad a chur ar thrácht Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath (Dublin Port Tunnel).

Ag labhairt dó le ExtraG.ie, mhaígh duine de na heagraithe, Malachy Steenson, go leanfadh muintir na háite ag agóid gach Luan, Céadaoin agus Aoine go dtí go ndúntar an t-ionad.

East Wall Asylum Protesters 5
30/11/2022 Protestors pictured this evening on East Wall Road. The group are protesting about Government policy on housing refugees in an unused in an usused office building.on East Wall Road…. Picture Colin Keegan, Collins Dublin

‘Tá sé mar chuspóir againn an foirgneamh seo a dhúnadh. Dúnfaidh sé. Níl díospóireacht nó idirbheartaíocht i gceist. Tiocfaidh an am nuair a bheidh orthu é a dhéanamh,’ a dúirt sé.

Nuair a fiafraíodh de cá háit eile a rachadh na himircigh sa tír, dúirt sé gur fadhb í sin don Rialtas.

‘Tá daoine ar fud na tíre tinn de seo: cuireann an taosc ollmhór seo isteach ar acmhainní na tíre seo. Ní féidir leo na daoine atá anseo cheana féin a chothú,’ a dúirt sé.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram