Teipeann ar agóidí in aghaidh inimircigh an trácht a stopadh ar feadh ró-fhada

28/11/2022

D’éirigh le Gardaí tionchar na hagóidí i gcoinne inimircigh  (immigrants), i mBaile Átha Cliath, thrácht a laghdú go suntasach tráthnóna, Dé Céadaoin.

Ina ainneoin sin, gheall an lucht agóide go leanfaidh siad ar aghaidh ag máirseáil mar agóid in aghaidh an ionad inimirce nua sa Phort Thoir (East Wall).

Mar sin féin, de réir ráitis ó oifigigh, arís agus arís eile, bí ndúnfar é.

Thosaigh muintir na háite  ag agóid an tseachtain seo caite, faoi úsáid a bhaint as iar-fhoirgneamh an ESB, chun cóiríocht a thabhairt d’iarrthóirí tearmainn.

Ar na meáin shóisialta, mhaígh cuid acu go ndeachaigh ‘slua ollmhóra’ amach tráthnóna Dé Céadaoin agus a gcuid iarrachtaí dírithe ar stad a chur ar thrácht Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath (Dublin Port Tunnel).

East Wall Protests 2 1
Malachy Steenson

D’éirigh lena n-iarrachtaí ar dtús agus cuireadh bac ar thrácht dul isteach i dTollán an Chalafoirt, seoladh trácht ó thuaidh go Sráid an tSirriam (Sherriff Street) agus seoladh an trácht ó dheas go Bóthar Alfie Byrne.

Mar sin féin, le roinnt clisteachta, chonacthas Gardaí ag casadh tráchta sáite timpeall agus ag maolú ar thionchar na n-agóidí leanúnacha.

D’oscail an tollán go gairid tar éis 6pm agus an trácht ag bogadh go seasta sa dá threo.

Ag labhairt dó le ExtraG.ie, mhaígh duine de na heagraithe, Malachy Steenson, go leanfadh muintir na háite ag agóid gach Luan, Céadaoin agus Aoine go dtí go ndúntar an t-ionad.

‘Tá sé mar chuspóir againn an foirgneamh seo a dhúnadh. Dúnfaidh sé. Níl díospóireacht nó idirbheartaíocht i gceist. Tiocfaidh an am nuair a bheidh orthu é a dhéanamh,’ a dúirt sé.

Nuair a fiafraíodh de cá háit eile a rachadh na himircigh sa tír, dúirt sé gur fadhb í sin don Rialtas.

‘Tá daoine ar fud na tíre tinn de seo: cuireann an taosc ollmhór seo isteach ar acmhainní na tíre seo. Ní féidir leo na daoine atá anseo cheana féin a chothú,’ a dúirt sé.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram