Cáineann Damien Duff atmaisféar ‘aisteach’ Chorn an Domhain i Catar

30/11/2022

Chuir Damien Duff an milleán ar an easpa torainn i Staid Al Jantoub as drochfheidhmíocht (poor performance) na Danmhairge, tar éis dóibh a chailleadh 1-0  in aghaidh na hAstráile i gCorn an Domhain.

Tá go leor ráite faoi roghnú Catar mar óstaigh ar Chorn an Domhain 2022 ag FIFA, agus níl mórán ráite ag muintir na háite ar na cluichí.

Bhí go leor suíochán folamh ag formhór na gcluichí go dtí seo; rud a léiríonn freisin an líon íseal de lucht tacaíochta a bhí sásta dul go Catar don chomórtas.

Bhí an easpa atmaisféir sin ina cheist mhór i mbua suntasach na hAstráile ar an Danmhairg, rud a chinntigh a mbealach chuig na céimeanna buaite den dara huair.

Is beag torann a bhí le cloisteáil ón slua ar feadh cuid mhór den chluiche. Sin mar a cheap an lucht féachana a bhí ag breathnú ar an teilifís sa mbaile, agus mar sin ní raibh mórán atmaisféar ann dá leithéid de cluiche tábhachtach.

australia denmark 1
AL WAKRAH, QATAR – NOVEMBER 30: Australia players huddle after the 1-0 win as the LED board shows Mathew Leckie winning the Budweiser Player of the Match award during the FIFA World Cup Qatar 2022 Group D match between Australia and Denmark at Al Janoub Stadium on November 30, 2022 in Al Wakrah, Qatar. (Photo by Stuart Franklin/Getty Images)

Agus i stiúideo RTÉ, bhí ionadh ar Duff a fheiceáil cé chomh gan staonadh a bhí foireann Kasper Hjulmand ar an lá, agus ceapann sé nár chabhraigh an staidiam ciúin sin ar chor ar bith.

‘Dom féin léiríonn drochfheidhmíocht na Danmhairge an t-atmaisféar sa staidiam, lá aisteach a bhí ann,’ a dúirt ceannaire Shelbourne.

‘Chluinfeá na himreoirí ag labhairt ar an bpáirc, tá sé aisteach.

‘Labhraíonn FIFA faoin mbealach a “díolann siad táirge iontach”. Bhuel, ní dóigh liom go raibh sé ag an gcluiche sin mar níor cheart duit na himreoirí a chloisteáil ag caint i gcluiche Chorn an Domhain.

‘Thug an Danmhairg léiriú aisteach, agus is ábhar iontais é nuair a bhíonn an oiread sin cáilíochta acu.’

Ciallaíonn an bua gur chríochnaigh an Astráil sa dara háit sa ghrúpa, taobh thiar den Fhrainc, a bhí ar bharr an tábla in ainneoin gur chaill siad 1-0 in aghaidh na Túinéise tar éis dóibh foireann lag a roghnú.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram