Tá TD de chuid Fhianna Fáil ag lorg teorainn ar líon na dteifeach ón Úcráin a thagann anseo

30/11/2022

Chuaigh TD de chuid an Rialtais i gcoimhlint le polasaí a pháirtí féin, tar éis dó iarraidh go gcuirfí teorainn le líon na nÚcránach atá ag teacht isteach sa tír.

Dúirt TD as Fhianna Fáil, don Chlár, Cathal Crowe, nach bhfuil ‘nárach ar bith’ á rá go raibh an tír tar éis a lánacmhainneacht (full capacity) a bhaint amach.

Dúirt an tUasal Crowe gur Úcránaigh iad thart ar 3% de dhaonra an Chláir faoi láthair, tar éis do mhuintir na háite a bheith ‘oscailte agus fáilteach’ dóibh.

Dúirt sé, áfach, go raibh an contae ‘os cionn a acmhainne’.

Dúirt sé: ‘Rinneamar gach rud is féidir linn a dhéanamh chun cabhrú leo, táimid lán-oscailte chun fáilte a chur rompu, ach is dóigh liom go sroicheann tú an pointe in a bhfuil tú os cionn a acmhainne.’

Ukrainian Refugees 2 960x560 1

Go deimhin, is féidir go ndeachaigh sé rófhada. Creidim anois go bhfuilimid ag an staid sin i gContae an Chláir.

Dúirt sé freisin: ‘Ní bhaineann na cúramaí agus tacaíochtaí a atá ar fáil do mhuintir na hÚcráine díreach le díon a chur os a gcionn.

‘Tá go leor gnéithe eile cosúil le hoideachas, cúram sláinte poiblí, iompar, agus d’fheicfinn, ina leith sin, go bhfuil an acmhainn sáraithe againn.

‘Agus nuair a shroicheann tú an pointe sáraithe acmhainne, níl cúraim ar caighdeán ceart á sholáthar agat,’ a dúirt sé.

Ag labhairt dó ar Clare FM, d’inis an tUasal Crowe go raibh daoine ina shráidbhaile, Meelick, ina gcónaí i bpubaill anois mar gheall ar an nganntanas cóiríochta.

Idir an dá linn, rinne Olena Zelenska, bean chéile uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky comparáid idir an buamáil a rinne fórsaí Putin ar a tír agus an Blitz ar chathracha na Breataine sa Dara Cogadh Domhanda.

Dúirt sí le Teach na dTeachtaí i Londain: ‘Tháinig d’oileán slán as na ruathair aeir a bhí comhionann leo siúd a úsáideann an Rúis anois chun sinn a chur ar ár nglúine.

‘Bíonn muid ag cloisteáil ‘sirens’ gach lá atá comhionann leo siúd a chloiseadh ag na glúnta Briotanacha nár ghéill. Ní ghéillfimid, ach ní hé bua an t-aon rud a theastaíonn uainn. Tá ceartas de dhíth orainn.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram