Tá baill cheardchumainn RTÉ ar tí vótáil ar chomhaontú nua chun ardú pá 6% a fháil thar dhá bhliain.
Seo é an chéad ardú pá don 1,800 ball foirne atá ann le 14 bliana.
Mar sin féin, tá laghduithe ar phá tinnis fadtéarmach (long-term sick pay) agus ar shochair (benefits) eile.
D’fhógair RTÉ agus Grúpa Ceardchumann RTÉ (TUG) go raibh siad tagtha ar chomhaontú maidir leis an pá atá beartaithe, ach go bhfuil sé fós le vótáil ag baill na gceardchumann.
Ina measc siúd a bhainfidh leas as tá an fhoireann ar fad, nach mór, mar go bhfuil an beart céanna á thairiscint do bhainisteoirí, trí Chumann Bhainisteoirí RTÉ.
Ní bhfaighidh conraitheoirí ar phá arda, leithéidí Ryan Tubridy nó Ray D’Arcy, an beart.
Ní théann an tairiscint chomh hard agus a bhí súil ag na ceardchumainn. Bhí idirbheartaíocht tosaithe acu i mí na Bealtaine, ag lorg ardú 9.5%. Dúirt siad go raibh údar leis an éileamh pá mar gheall ar an ardú costais mhaireachtála, táirgiúlacht mhéadaithe (increased productivity) agus iarrachtaí breise na foirne le linn na paindéime.
Má cheadaítear an beart, gheobhaidh an fhoireann méadú 3% i mí Eanáir, siardhátaithe (backdated) go 26 Nollaig, méadú 1.5% i mí Dheireadh Fómhair 2023 agus 1.5% níos mó i mí Aibreáin 2024.
Gheobhaidh siad freisin dearbhán neamh-incháinithe (non-taxable voucher) ar fiú suas le €1,000 é, go luath an bhliain seo chugainn, chomh maith le dearbhán €500 i mí Eanáir 2024.
Beidh na dearbháin ag brath ar chéatadán na n-uaireanta lánaimseartha a oibreoidh an fhoireann.
Gheobhaidh baill foirne a d’oibrigh 60% nó níos mó d’uaireanta lánaimseartha do 2022 an íocaíocht iomlán, agus gheobhaidh na daoine a oibríonn idir 20% agus 59% d’uaireanta lánaimseartha €600.
Íocfar an fhoireann go míosúil freisin, i gcomparáid leis an socrú dé-mhíosúil reatha.
Dúirt eagraí SIPTU, Martin Mannion, go raibh súil go mbeidh ballóid ar an ardú pá ann roimh dheireadh na bliana, agus mar sin bheadh a fhios ag an bhfoireann go mbeidh an t-airgead breise ag teacht san athbhliain.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.