26 ainmniúcháin fáighte ag TG4 agus Cúla4 do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais

Tá 26 ainmniúcháin fáighte ag cláracha agus láithreoirí TG4 agus Cúla4 i sé chatagóir do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2026

“Comhghairdeas leis na léiritheoirí, láithreoirí, stiúrthóirí agus scríbhneoirí a bhfuil a saothair ainmnithe i nGradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana. Is aitheantas é líon na n-ainmniúchán a fuair TG4 agus Cúla4 i mbliana ar chaighdeán na gclár atá á léiriú do TG4 ón earnáil léiriúcháin neamhspleách sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.” Ard-Stiúrthóir TG4 Deirdre Ní Choistín 

Seo a leanas an Gearrliosta a bhaineann le TG4 agus Cúla4: 
SCANNÁN / CLÁR / SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA DO DHAOINE ÓGA

TG4
  • Siar Linn MACALLA TEORANTA
  • Nollaí TAUNT
  • Fíricí Fíochmhara MACALLA TEORANTA
  • Mo Shaol, Do Shaol 4 MACALLA TEORANTA

 
CLÁR TEILIFÍSE / SCANNÁN NA BLIANA 

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW
  • Amhráin do mo Mháthair SOUTH WIND BLOWS
  • Mamó agus Mise DESMOND BROS
  • Tráthnóna le Éilís Ní Chinnéide ANIAR TV
  • Rothaí an tSaoil ANIAR TV
  • Néaltrú – An Scriosadh Mall BELOVED MEDIA

IRISEOIR NA BLIANA

Donncha Ó Murchú
Donncha Ó Murchú
  • Donncha Ó Murchú TG4
  • Sinéad Ní Neachtain NUACHT RTÉ & TG4
  • Darren Ó Dubhgáin TG4/ RTÉ/ TUAIRISC.IE

PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA

Gemma Ni Chionnaith TG4 Crediuint Martina Regan
Gemma Ní Chionnaith. Pictiúr: Martina Regan
  • Gráinne Holland SCOIL CHOILLE 2
  • Doireann Ní Ghlacáin FLEADH 26
  • Seosamh Mac Seoin LÁITHREOIR LEANÚNACHAIS CÚLA4
  • Gemma Ní Chionnaith RUGBAÍ BEO
  • Séaghan Ó Súilleabháin TÉACS TAISTIL

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA

Síle Seoige An Saol Mar Atá - crediúint Martina Regan
Síle Seoige. Pictiúr: Martina Regan
  • Síle Seoige: An Saol Mar Atá TYRONE PRODUCTIONS
  • Pobal Mhúscraí ANIAR TV
  • Ceartas Crua MIDAS PRODUCTION
  • Taobh Thiar den Roth LIGID LÉIRIÚCHÁIN
  • Glúin Z ANIAR TV

CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA

  • Máirín Ní Ghadhra RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA& TG4

RÉALTA ÓG NA BLIANA 

  • Conor Ó Domhnaill NUACHTCÚLA4
  • Laura Ní Aoidhne ROS NA RÚN, RAIDIÓ FÁILTE
  • James McEnery NUACHTCÚLA4

Chuile bhliain déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar sháriarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge. Tugann na Gradaim seo aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifís a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla meán le dhá mhí dhéag anuas. 
Roghnóidh painéal moltóirí buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla ach is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Tá trí chatagóir déag (13) ar chlár na ngradam i mbliana. Roghnóidh painéal moltóirí buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla ach is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Tá an vótáil oscailte anois agus ar fáil ag https://www.antoireachtas.ie/gradaim-chumarsaide/realta-og-2026/

Bronnfar Gradaim Chumarsáide 2026 ag an Searmanas Bronnta a bheidh ar siúl i i gCill Airne, Co. Chiarraí, Dé Céadaoin, 28 Deireadh Fómhair 2026, ceann de mhórócáidí Oireachtas na Samhna 2026. Déanfar an ócáid a shruthú beo ar www.antoireachtas.ie & www.tg4.ie ó 20:00 ar aghaidh. 


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram