Bhain TG4 an t-ardú is mó riamh amach i dtaobh an Lucht Féachana agus chuir an stáisiún €92.8 milliún le Geilleagar na hÉireann sa bhliain 2025.

Leagtar béim i dTuarascáil Bhliantúil TG4 2025, a cheadaigh an Rialtas inniu, ar an tionchar mór a bhí ag an stáisiún ar chúrsaí cultúir agus eacnamaíochta le linn na bliana 2025, bliain inar tháinig an t-ardú is mó ar an lucht féachana ó 2009, inar bhaineadh rath idirnáisiúnta amach agus ina ndearnadh infheistíocht leanúnach i ngeilleagar cruthaitheach Gaeltachta agus réigiúnach na hÉireann. Bhí leibhéal an-ard tacaíochta ag TG4 i measc an phobail, agus bhí 91% de dhaoine den tuairim go bhfuil géarghá le TG4 agus go bhfuil ról aige in Éirinn na linne seo. 

D’oibrigh TG4 i gcomhar le 79 gcomhlacht léiriúcháin neamhspleácha in Éirinn in 2025, agus infheistíodh 75% de mhaoiniú poiblí an stáisiúin go díreach san earnáil léiriúcháin neamhspleách. Thacaigh an infheistíocht sin le fás an gheilleagair chruthaithigh sa Ghaeltacht agus sna réigiúin, chomh maith le fás earnáil closamhairc na Gaeilge, a chruthaigh aschur eacnamaíoch dar luach €92.8 milliún agus a thacaigh le suas le 1,460 post ar fud na tíre.

Ba shuntasach an tionchar a bhí ag an gcraoltóir sa Ghaeltacht agus sna réigiúin, ós rud é gur gineadh €74.2 milliún in aschur eacnamaíoch réigiúnach agus gur cothaíodh tuairim is 1,240 post coibhéiseach lánaimseartha, a d’fhág gur treisíodh ról TG4 mar spreagadh don ghníomhaíocht eacnamaíoch i bpobail réigiúnacha agus Ghaeltachta. Lean TG4 d’infheistíocht a dhéanamh i scileanna, i dtallann agus i bhforbairt tionscail sa bhliain 2025 trí raon tionscnamh atá leagtha amach chun geilleagar cruthaitheach na Gaeilge a neartú. Mar gheall ar chomhpháirtíocht nua a aontaíodh le hÚdarás na Gaeltachta, infheisteofar €1.2 milliún in aghaidh na bliana thar thréimhse trí bliana chun tacú le forbairt tallainne, le hoiliúint agus le cumas in earnáil closamhairc na Gaeilge. Chomh maith leis sin, chuir an craoltóir cúrsaí iriseoireachta, scéimeanna scríbhneoireachta cruthaithí agus forbartha beochana ar fáil a bhí dírithe ar an gcéad ghlúin eile de chruthaitheoirí Gaeltachta agus Gaeilge agus de ghairmithe sna meáin a chothú. 

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW

Ba í 2025 an cúigiú bliain as a chéile inar tháinig ardú ar lucht féachana TG4, agus an sciar is mó lucht féachana ó 2009 agus 77.2% de phobal teilifíse na hÉireann ag féachaint ar TG4. D’éirigh thar cionn le Cúla4 freisin in 2025, an dara bliain iomlán ó bunaíodh an cainéal, i bhfianaise gur tháinig ardú 28% ar líon na ndaoine a d’fhéach air ar Sheinnteoir Cúla4 agus YouTube Cúla4. 

Lean TG4 de bheith ag cur lena chlúdach domhanda sa bhliain 2025, agus lucht féachana ag teacht ar ábhar an stáisiúin i 215 tír agus críoch ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4, atá ar fáil go hidirnáisiúnta agus atá lárnach i straitéis TG4 chun cur lena lorg cultúir ar fud an domhain. Tháinig ardú 28% ar líon na ndaoine a d’fhéach ar ábhar ar Sheinnteoir TG4 in 2025.  

Bhain léiriúcháin de chuid TG4 ardmholadh amach ar an ardán idirnáisiúnta sa bhliain 2025. Díoladh an tsraith dhrámaíochta CRÁ i níos mó ná 70 críoch idirnáisiúnta faoin teideal Boglands, agus bronnadh gradaim mhóra ar scannáin TG4 lena n-áirítear Kneecap, Aontas, Báite agus Fréwaka, agus fuair siad ainmniúcháin agus aitheantas ag féilte ar fud na hEorpa agus i Meiriceá Thuaidh. Chomh maith leis sin, cuireadh le lucht féachana domhanda TG4 a bhuí le comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an obair i gcomhar le BBC NI agus S4C, agus an clár speisialta Gradam Ceoil TG4 @ Expo 25: Dhá Oileán Cheolmhara, a chuir ceol traidisiúnta na hÉireann os comhair an lucht freastail ag Expo 2025 Osaka, imeacht ar fhreastail níos mó ná 28 milliún cuairteoir air.  


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram