Glúin an tSosa Cogaidh le spotsolas a chur ar na “ceasefire babies”

Ar chlár faisnéise nua a théann go mór i gcion, Glúin an tSosa Cogaidh ar TG4, feictear an saol a chaitheann cúigear as Tuaisceart Éireann a rugadh tar éis fhógairt shos cogaidh na bliana 1994.

Tugtar léargas sa chlár faisnéise breathnaitheach, Glúin an tSosa Cogaidh ar an saol atá ag cúigear faoi leith, ina measc Gareth Spence AKA Young Spencer, an rapálaí iomráiteach as Eastáit na Seanchille, Aoife Enright, oibrí óige as iarthar Bhéal Feirste, nach raibh dhá bhliain slán aici nuair a feallmharaíodh a hathair i rith na míonna roimh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Feictear freisin fear 32 bhliain d’aois Séamas MacEochaidh, as ceantar tuaithe Dhroichead Mhaigh Eo a oibríonn ag cur na Gaeilge chun cinn i measc daoine óga de bhunadh éagsúil ar fud an oileáin, Órlaith Mac Eoin Manus, atá 27 mbliana d’aois agus a tógadh in Ard Mhacha, cé gur as Baile Uí Mhurchú ó dhúchas í, a chuireann síos ar an tionchar a bhí ag feachtasaíocht a cuid tuismitheoirí (bhí a hathair ar stailc ocrais na bliana 1981) ar a saol féin anois i mbun feachtasaíochta agus cruthú ealaíne maidir leis na cúiseanna a bhfuil tábhacht aici leo, mar shampla an Ghaeilge agus cearta LADTA+ agus Andrew Clarke, 30 bliana d’aois, as oirthear Bhéal Feirste, a ritheann Tanistry, leathanach iomráiteach Instagram, ar a gcuireann sé ábhar faoi stair na hÉireann, cúrsaí polaitíochta agus ceisteanna sóisialta.

Andrew Clarke. Pictiúr: Glúin an tSosa Cogaidh/TG4
Andrew Clarke. Pictiúr: Glúin an tSosa Cogaidh/TG4

Rugadh gach duine sa chlár faisnéise seo tar éis shos cogaidh na bliana 1994 agus roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta sa bhliain 1998.
Bhíothas ag tnúth go mbeadh rachmas agus síocháin níos mó ag baint leis an saol ag an nglúin seo. Is léir, d’ainneoin sin, ó Glúin an tSosa Cogaidh, go raibh cur isteach mór ag tionchar na coimhlinte ar an saol acu cé gur ag teannadh le deireadh na dTrioblóidí a rugadh iad.

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW

Tá 30 bliain slán ag gach duine de na rannpháirtithe le tamall anois, nó iad ag teannadh leis, tráth cinniúnach a chiallaíonn go bhfuil machnamh ar bun acu, ní hamháin ar an am a caitheadh, ach ar a bhfuil i ndán chomh maith.
Cloistear scéalta éagsúla uathu faoin saol a bhí acu ag éirí aníos i dTuaisceart Éireann agus faoi na bealaí a ndeachaigh éagsúlacht ina gcuid tógála i bhfeidhm ar shaol gach uile dhuine acu.

Glúín an tSosa Cogaidh

Deir Eve Logue, Léiritheoir/Stiúrthóir, “Is é atá spéisiúil faoi scéal an uile dhuine a fheictear ar Glúin an tSosa Cogaidh go léirítear dúinn a dtagann i gceist le héirí aníos in áit ina bhfuiltear ag féachaint le ré cogaíochta a fhágáil ina ndiaidh, seachas a bheith sáinnithe ina cheartlár, agus na snáithe éagsúla atá fite ina chéile. Is é a chuirtear ar na súile dúinn go mbaineann an dubh agus an geal in éineacht le saol tar éis coimhlinte.

Cé nach geal an scéal a bhaineann le stair an Tuaiscirt, tá teacht aniar sna daoine agus is mian leo go dtiocfadh an t-athrú i dtreis. Tá sin le sonrú ar na daoine a fheictear in Glúin an tSosa Cogaidh. Bhraith mé féin agus Josh Bell, an Stiúrthóir Grianghrafadóireachta gur phribhléid dúinne iad a bheith sásta oiread dá dtaithí féin a chur in iúl; is dream cruthaitheachta iad, tá fonn orthu a lorg a fhágáil ar shaol an lae inniu agus tá ag éirí leo.


Léiríonn duine i ndiaidh a chéile díobh don lucht féachana na nithe is tábhachtaí leo ina saol agus cuireann siad in iúl na smaointe is pearsanta dá gcuid, a meon agus a gcuid tuairimíochta faoi shaol na háite seo, mar atá agus mar a bhíodh. Scéalta sainiúla dá gcuid féin atá acu, léargas úr faoi leith ón uile dhuine acu ar an saol a bhí acu ag fás aníos in áit a bhíodh ina choimhlint go dtí le gairid.


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram