Príomh-amhrastach i gcás Madeline McCann ag smaoineamh ar leabhar a fhoilsiú

Chuaigh Madeline McCann ar iarraidh i sa bhliain 2007

Tuairiscítear go bhfuil an príomh-amhrastach i gcás imeacht Madeleine McCann ag pleanáil leabhar a fhoilsiú ina nochtfar gach mionsonra faoina shaol.
Tá amhras ann gur fhuadaigh agus gur mharaigh Christian Brueckner Madeline McCann, a bhí trí bliana d’aois sa bhliain 2007, tar éis di imeacht ar bhealach a tharraing aird an domhain mhóir i Praia da Luz sa Phortaingéil.

Christian Bruekner Madeline McCann Pictiúr Michael MattheyPoolAFP trí Getty Images
Christian Bruekner Pictiúr: Michael Matthey Pool/AFP trí Getty Images


Scaoileadh saor Brueckner ón bpríosún anuraidh tar éis cás éignithe ar leith, agus tá sé dírithe anois ar an leabhar cuimhní cinn atá luaite sna tuairiscí.
Tuigtear go bhfuil an fear – arb as an nGearmáin ó dhúchas é – ag obair ar an gcéad dréacht faoi láthair agus go bhfuil teagmháil déanta aige le scríbhneoir gairmiúil amháin ar a laghad chun cabhrú leis an leabhar a scríobh.
Tuairiscítear go bhfuil súil ag Brueckner an leabhar a fhoilsiú sa Ghearmáinis agus sa Bhéarla araon.
Agus é ag trácht ar an scéal, dúirt an t-iar-bhraiteoir póilíní Briotanach Kevin Moore leis an Mirror: ‘Ní cheannóinn é. Is rud uafásach é.’

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW
Madeline McCann
Madeline McCann


Dúirt foinse inmheánach freisin: ‘Tá fonn mór ar Brueckner a thaobh féin den scéal a insint. Creideann sé go gcabhróidh sé leis má scríobhann sé faoina neamhchiontacht. Sa deireadh thiar, feiceann sé é mar bhealach chun cabhrú leis ó thaobh airgid de freisin.’
Níor cúisíodh Brueckner riamh i dtaca le himeacht Madeleine, cé gur ainmnigh na póilíní sa Ghearmáin é mar phríomh-amhrastach sa chás sa bhliain 2020.
Tá sé séanta ag an bhfear 49 bliain d’aois go raibh baint aige leis na gníomhartha a líomhnaíodh ina choinne.
Mar sin féin, dúirt sé leis an Mail on Sunday go raibh sé díreach 150 slat ar shiúl ó árasán theaghlach McCann an oíche a d’imigh Madeleine.
D’admhaigh Brueckner: ‘Bhí mé ar an trá, ní fada ó óstán Maddie (Madeline), ag díol drugaí. Bhí mé sa Spáinn agus thug mé an cannabas isteach sa Phortaingéil go mídhleathach.’
Dúirt an t-amhrastach freisin gur stop na póilíní a veain trí huaire níos déanaí an tráthnóna sin, ach nár aimsigh siad na drugaí – rud a tharla ‘trí ádh’.
Tá sé maíte aige roimhe seo go bhfuil ‘na póilíní ag iarraidh é a chur i bhfostú go héagórach’ i gcás imeacht Madeleine, agus tuairiscítear go ndúirt sé le cairde go gcreideann sé go bhféadfadh a leabhar cuimhní cinn suim airgid seacht bhfigiúr a thuilleamh dó.
Áfach, meastar go mbeidh an t-ioncam iarbhír i bhfad níos lú ná sin.
Tá Brueckner le teacht os comhair cúirte sa Ghearmáin i mí Eanáir le haghaidh éisteacht achomhairc, tar éis é a bheith glanta den chúis éignithe sa bhliain 2024. Meastar go leanfaidh atriail an éisteacht sin. Dúirt foinse a bhfuil eolas maith aici ar an gcás seo leis an Sun roimhe seo: ‘Dóibh siúd ar mian leo go gcuirfí cúiseamh i leith Brueckner maidir le cás Madeleine, is casadh suntasach é an dáta cúirte nua seo.
‘De bharr na caoi a n-oibríonn an córas sa Ghearmáin, déanfar gach gné den bhuntriail a scrúdú – agus tá an breitheamh atá i gceannas thar a bheith géarchúiseach. Ní éalóidh aon rud uaithi.
‘Tuigeann na himscrúdaitheoirí atá ag obair ar chás Madeline, den chéad uair, go bhfuil toil ann chun atriail a bheith ann agus chun beart a dhéanamh i leith Brueckner.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram