

Is deirfiúracha, amhránaithe ar an sean-nós agus cainteoirí dúchais Gaeilge iad An Chéad Ghlúin Eile ó Ghaeltacht Ráth Chairn glas gréine na Mí, agus iad dílis do thraidisiún beo beathach na hamhránaíochta agus ag roinnt na n-amhrán sean-nóis leis an gcéad ghlúin eile.
Is as Conamara ó dhúchas na garneachtanna de chuid an amhránaí chlúitigh, Darach Ó Catháin (1922-1987). Is mór an clú agus an cháil a bhain Darach Ó Catháin amach agus é ar dhuine de na hamhránaithe ar an sean-nós ba chumasaí a mhair. Caomhnaíodh a ghlór cumhachtach ar an gceirnín clúiteach a d’eisigh Gael Linn i 1975. Cailleadh Darach i Leeds, Sasana, sular rugadh ACGE ach bhí an-tionchar ag a ghlór ar ghlór na beirte agus ar na glúinte a tháinig ina dhiaidh.
Is traidisiún idirghlúineach í traidisiún béil na hamhránaíochta ar an sean-nós. I slabhra seachadta na n-amhrán seo, ó ghlúin go glúin, ó bhéal go béal, báitear an té san amhrán sula dtugann siad faoin amhrán a fhoghlam agus a rá. Rugadh agus tóigeadh ACGE báite sna hamhráin, ag éisteacht le glór Dharach, ag foghlaim a chuid amhrán agus ag cur lena stíl amhránaíochta fhéin.
Le breis agus leathchéad bliain ór eisíodh ceirnín Dharach, tá togra ceannródaíoch ceoil á eisiúint ag An Chéad Ghlúin Eile; an bheirt i gcomhceol lena seanuncail nár casadh riamh leo. Den chéad uair rimah i dtraidisiún an tsean-nóis, cloistear glúinte nár casadh lena chéile i gcomhcheol lena chéile agus glórtha na linne seo ag cur le taifeadtaí a sinsir agus slabhra idirghlúineach na n-amhrán le cloisteáil ó thús go deireadh an albaim.
Cloistear freisin athair na beirte, Beartla Ó Curraoin, ar an albam, ag cur le téama idirghlúineach an albaim. I dteannta glór Dharach Uí Chatháin, airítear trí ghlúin i slabhra seachadta na n-amhrán seo le linn an albaim seo – an ghlúin nach maireann, an ghlúin idir eatarthu agus an chéad ghlúin eile.
Ní le cumha ach leis na hamhráin a chaomhnú, a chosaint agus a cheiliúradh a samhlaíodh an t-albam seo i dtosach. Is traidisiún ársa agus beo beathach é an traidisiún béil.
Le breis agus caoga bliain théis na chéad eisiúna de chuid Dharach Uí Chatháin i bpáirt le Gael Linn, éisteofar le Darach ag gabháil fhoinn leis aríst i dteannta a gharneachtanna agus glúin úrnua ag tabhairt cluaise ar a ghlór den chéad uair riamh.
Trí ghlúin. Albam amháin. An Traidisiún Béil.
Ó thús go deireadh an albaim dar teideal ACGE, déantar ceiliúradh ar oidhreacht agus ar nuálaíocht na clainne ar bhealach nach ndearnadh riamh cheana san amhránaíocht ar an Sean-nós.
Tá fáil ar an albam ar Spotify, iTunes, AppleMusic, YouTube Music agus ar BhandCamp!
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie




Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.