

Is é Aontas an cúigiú scannán de chuid TG4 atá roghnaithe le roinnt blianta anuas: Arracht, Foscadh, An Cailín Ciúin, Kneecap agus anois Aontas.

Féachann triúr gadaithe as an ngnáth le comhar creidmheasa a robáil, ach cailleann siad an cloigeann ina bun. Cuirtear tús leis an scannán Aontas agus an robáil imithe ó smacht ar na gadaithe, agus insítear an scéal droim ar ais, caibidil ar chaibidil, go bhfeictear na heachtraí a tharla roimh ré. Iompaíonn gadaíocht nár éirigh léi isteach ina léiriú ar bhean cheanndána nach bhfuil in ann an méid a tharla san am atá caite amach as a cloigeann. Léirítear an tionchar a bhíonn ag ár gcuid roghanna agus ag ár gcuid cuimhní féin orainn nuair nach féidir linn dearmad a dhéanamh orthu agus bogadh ar aghaidh sa saol.
Arna stiúradh ag Damian McCann (Doineann), le Carrie Crowley (An Cailín Ciúin, Smother), Bríd Brennan (Shadow Dancer, Doineann) agus Eva-Jane Gaffney (Kin, Harry Wild) sna príomhróil. Léiríodh Aontas le ó TG4, BBC Gaeilge agus Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann le tacaíocht ó Yellowmoon.Is iad Órfhlaith Ní Chearnaigh (Aonaracht) agus Christopher Myers (Doineann) a léirigh an scannán agus is iad Sarah Gordon agus Damian McCann a scríobh é. Is é seo an chéad fhadscannán ón gcomhlacht nua dátheangach, Púca Pictures.

Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4: “Is mór ag TG4 go bhfuil Aontas roghnaithe ag IFTA chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ar an stáitse idirnáisiúnta, agus tugann sé ugach chumhachtach don chruthaitheacht agus do scéalta nua Gaeilge. Tá cúig scannán de chuid TG4 roghnaithe ag IFTA mar rogha na hÉireann sa chatagóir don ‘Phríomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr le blianta beaga anuas. Rinne An Cailín Ciúin gaisce stairiúil ag na Academy Awards in 2023, léiriú eile ar an gcaoi is féidir le scéalta nua-cheaptha i nGaeilge dul i bhfeidhm go mór ar lucht féachana ar fud an domhain mhóir. Tagann Aontas sna sála ar an ngaisce sin agus is léiriú eile é ar an tallann cruthaitheacha d’ardchaighdeán atá ag obair inár n-earnáil léiriúcháin neamhspleách. Tá muid thar a bheith bródúil as an gcaidreamh atá againn le Ciste Craoltóireachta na Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann agus le BBC Gaeilge leis an scéim Gealán. Comhghairdeachas ó chroí le Damian, Sarah, Christopher agus Orfhlaith agus le gach euine eile a bhfuil aon bhaint acu le Aontas. ”

Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe, TG4: “Tá muid thar a bheith sásta go bhfuil Aontas roghnaithe ag IFTA mar rogha na hÉireann sa chatagóir don ‘Phríomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr’. Is aitheantas iontach é ar thallann agus ar chruthaitheacht na ndaoine a rinne an scannán den scoth seo. Chruthaigh Damian McCann, Sarah Gordon, Órfhlaith Ní Chearnaigh, Christopher Myers agus an cliar iontach aisteoirí agus an criú ar fad a bhí ag obair air scannán thar a bheith suimiúil, scannán atá fréamhaithe i dTuaisceart Éireann ach atá tar éis dul i bhfeidhm ar lucht féachana ar fud an domhain mhóir. Tá TG4 thar a bheith bródúil as an tacaíocht atá tugtha againn do Aontas, agus is mian linn gach rath a ghuibhe ar an bhfoireann ar fad agus iad ar an gcéad chéim eile den aistear idirnáisiúnta seo leis an scannán.”

Deir an stiúrthóir Damian McCann: “D’eascair Aontas as comhrá a bhí agam le mo mháthair inar chuir sí síos go mion ar an dóigh a ndéanfadh sise banc a robáil (robálaí bainc neamhghnách a bheadh inti). Ón chomhrá sin, tháinig scannán chun cinn a chuaigh i bhfeidhm ar lucht féachana timpeall an domhain. “
Rinneadh scannánú ar Aontas i mí Mhárta 2024 i nGleann Arma, Contae Aontroma, agus rinneadh iarléiriú air in Yellowmoon Post Production, Ard Mhic Nasca, Co. an Dúin.
Bhí a première idirnáisiúnta aige i Santa Barbara, California an 12 Feabhra 2025, agus a première Eorpach aige i bPictiúrlann Light House, Baile Átha Cliath an 22 Feabhra 2025. Ó shin i leith, tá Aontas taispeánta ag níos mó ná 40 féile go hidirnáisiúnta agus in Éirinn, agus tá níos mó ná 13 duais, an Scannán is Fearr, an Stiúrthóir is Fearr agus an Script is Fearr san áireamh, buaite aige. Ainmníodh Aontas le haghaidh 6 IFTA.
Is féidir leat féachaint ar hAontas anseo.
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.