Súil Siar ar Scannáin Dobharchú 1992 – 2022 seolta ag Cartlann TG4

Bhí sé curtha ar siúl i nGaoth Dobhair aréir ag Cartlann TG4

Sheol Cartlann TG4 an taispeántas físe Súil Siar ar Scannáin Dobharchú 1992 – 2022 in Amharclann Ghaoth Dobhair Déardaoin an 20 Lúnasa 2026 chun comóradh a dhéanamh ar shaothar ealaíonta an léiritheora teilifíse Máirín Seoighe a bhásaigh sa bhliain 2022.

Pictiúr: TG4/Curtha ar fáíl
Pictiúr: TG4/Curtha ar fáíl

Ar feadh beagnach tríocha bliain, trína comhlacht léiriúcháin Scannáin Dobharchú, léirigh Máirín an iliomad sraitheanna agus clár do TG4, ina measc na sraitheanna Ceol Cois Locha, Ceol na nOileán, Flosc, Imircigh Ban agus Labhair Linn agus cláracha faisnéise ar nós Frankie, Clann as Dobhair, An Swilly, Mo Honda Beag Dearg, Mo High Nelly Álainn agus a lán eile.

Mar chuid den ócáid taispeánadh an clár Clann as Dobhair faoin ghrúpa cáiliúil Clannad agus míreanna ón tsraith Ceol Cois Locha a taifeadadh in Ionad Cois Locha, Dún Lúiche sna nóchaidí.

Tugadh a saol, a saothar agus ise chun cuimhne le cuimhní cinn ó Mhicheál Ó Meallaigh, iarStiúrthóir Coimisiúnaithe TG4, Sally Ní Dhuibhir, Léiritheoir Teilifíse, Sorcha Ní Mhonacháin, Nuacht TG4/RTÉ., Anna Ní Bhroin, Ollscoil na Gaillimhe agus Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta. Is í Caoimhe Ní Chonchoille RTÉ RnaG a bhí ina bean an tí.

Is éard a dúirt Máire Aoibhinn Ní Ógáin , Ceannasaí Cartlainne TG4:

“ Dhein Máirín Seoighe agus Scannáin Dobharchú breis is 120 clár do TG4 , idir shraitheanna agus chláracha ceoil, faisnéise agus cainte. Tugann a saothar léargas dúinn ar an saol comhaimseartha le 30 bliain, ar ábhar a bhí tráthúil , in uaireamh leochaileach agus rinne sin le daonnacht , le tuiscint agus thar aon ní eile le “Joie de vivre”.”

Pictiur TG4Curtha ar fail
Pictiúr: TG4/Curtha ar fáil

Is éard a dúirt Mícheál Ó Meallaigh – iarStiúrthóir Coimisiúnaithe TG4:

“Ceannródaí ab ea í Máirín Seoighe a tháinig ar smaointe eicléictiúla a rinne freastal ar phobal teilifíse a thuig sí go smior, ó shraitheanna gleoite ceoil a ndearnadh taifeadadh orthu i measc a pobail féin, sraitheanna faisnéise a léirigh gnéithe de shaol na mban ach go háirithe, in Éirinn agus thar sáile, agus ansin seoda beaga siamsúla mar Mo Honda 50 agus Mo High Nelly Álainn. Ní raibh a leithéid le feiceáil ar chainéil ar bith eile. Chuir a saothar go mór leis an tSúil Eile a bhí ina sprioc ag TnaG / TG4 ón tús.”

Is éard a dúirt Séamus Mac Giolla Chomhaill:

“Tá mo theaghlach agus mé féin go mór faoi chomaoin ag Cartlann TG4 as an tacaíocht mhór atá tugtha acu dúinn leis an ócáid seo a reáchtáil le ceiliúradh a dhéanamh ar shaothar Mháirín thar na blianta. Tá muid iontach buíoch fosta do Choiste Stiúrtha na hAmharclainne as a gcuidiú uilig. Thar rud ar bith eile gabhann muid buíochas ó chroí leis na daoine ar fad a d’fhreastail ar an ócáid agus gach duine a thacaigh go fial leis an fheachtas bailiúcháin airgid don charthanacht Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall.”

Cuireadh clabhsúr ar an oíche le ceol beo ó An Crann Óg. Bhí bailiúchán ar an oíche chun sochair Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall. 

Tá nasc Gofundme beo ar shuíomh Ionad Naomh Pádraig: https://gofund.me/d3c6a221d

Is féidir teacht ar an Seoríl , Flosc agus Ceol Cois Locha ar Sheinnteoir TG4 agus ar chláracha eile de chuid Scannáin Dobharchú ar Cartlann TG4. 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram