Evanne Kilgallon ullamh don todhchaí iontach atá os a comhair

Labhair Evanne Kilgallon le hAoife Ní Bhraoin

‘Is as Sligeach mé. D’fhreastail mé ar Ghaelscoil Chnoc na Ré agus mé ag fás aníos. Sin an chaoi a bhfuil Gaeilge agam.’
Sin cad a dúirt an t-aisteoir agus scríobhneoir Evanne Kilgallon liom agus sin ag labhairt le déanaí. Agus sin ag comhrá le déanaí, ní rabhas san áit is fearr. Tinn sa ospidéal a bhíos.
Ach d’athraigh mo mheon nuair a thosnaíos ag labhairt le hEvanne. Bhíos tógtha lena meon dearfach, rud nach mbíonn i gcónaí le feiscint sa saol an aisteora. Tá sí tiomanta go n-éireoidh léi ina gairm bheatha. Agus níl aon amhras ach go n-éireoidh léi. Sure, nach bhfuil post eile faigthe aici? Tá!

Evanne Kilgallon
Evanne Kilgallon


“Thosaigh mé ag déanamh drama, damhsa, ceoldrámaí ó aois a chúíg. Tá mé ar an stáitse anois ar feadh níos mó na fiche bliain. Anois, tá mé i mo chónaí i gCill Chainnigh. Rinne mé staidéar ar mo cheird sa Spáinn. Tá go leor grá agam do fhaisin, agus aon rud cruthaitheach agus ealaíonta. Thosaigh mé ranganna damhsa ar scoil darbh ainm Chapel Lane School of Performing Arts. Rinne mé jazz, tap, contemporary, agus ballet. Agus sa scoil céanna sin, rinne siad ceoldráma gach bliain. Rinne mé mo chéad ceoldráma nuair a bhí mé cúig nó sé. Rinne mé Annie. Rinne mé Les Mis, CATS, Oliver. Bhí mé i gcónaí ar an stáitse, agus ag déanamh aon rud gur féidir liom. Thosaigh mé ag déanamh oícheanta amhránaíóchta freisin. Ranganna pianó – youth theatre freisin. Bhí mo shaol lán le na taibhealaíona (the performing arts). Nuair a shroich mé an Árdteist, ní raibh aon cheist ann go raibh mé chun é sin a dhéanamh mar ghairm. Chuaigh mé go Barcelona – go dtí an ollscoil darbh ainm Institute of the Arts Barcelona. Agus rinne mé bliain amháin I gceolamharclannaíocht (musical theatre). Agus ansin, d’athraigh mé go haisteoireacht amháin. Tá an t-ádh orm go ndearna mé é sin mar níl mórán obair sa cheolamharclanníocht in Éirinn. Agus buíochas le Dia, nuair a d’fhág mé an scoil, bhí mé gnóthach go leor. Ach is é seo mo shaol ar fad.
Tá saol agam taobh amuigh don obair, ach bhí sé i gcónaí mar chuid mhór de mo shaol.’

Evanne Kilgallon 1 1 900x1200 1
Evanne Kilgallon. Pictiúr: Curtha ar fáil


‘Muna leannan tú leis an bpaisean sin, bheadh brón ort an t-am ar fad. Ní raibh mé ag iarraidh aon aiféala a bheith orm mar gheall ar an gcinneadh sin. Tá áthas orm mar tá mé ag déanamh an-ghrá agam dó, ach ag an am céanna, ní haon dóithín an obair seo. Caithfidh tú a bheith an-chompordach le ‘constant rejection’. Caithfidh tú a bheith an-chompordach le bheith gan airgead, agus an beagán airgead atá agat a chur ar ais i do chuid oibre. Ach ag deireadh an lae, tá mé ábalta a rá go bhfuil mé ag déanamh an rud a chuireann an méid sin áthas orm.


‘Bhí sé ag deireadh 2024,’ a dúirt Evanne liom, agus í ag caint faoina togra is nuaí. ‘Sheol mé ríomhphost chuig Shauna. Bhí siad á lorg aisteoirí le haghaidh ceardlann do cheoldráma nua trí Ghaeilge. Shíl mé ‘trí lá. Beidh sé togha. Beagánín obair’. Tháinig sí air ais chugam, agus tháinig mé ar bhord. Rinnemar ceardlann amháin sa Mill i mBaile Átha Cliath i 2024. Ansin, i 2025, rinnemar dhá cheardlann sa Taibhdhearc i nGaillimh. Shíl mé nach mbeinn in ann a bheith i mo dhéagóir ar an stáitse, mar gheall ar m’aois. Ach ag tús na bliana seo, fuair mé ríomhphost ó Kate sa Taibhdhearc ag rá ‘tá muid ag cur an rud se oar an stáitse, agus ba bhreá linn dá mbeifeá páirteach’.

Saoirse Opening night with cast
Clair Saoirse: Juliette Crosbie, Lesley Conroy, Evanne Kilgallon, Ciara Cox, Síofra Ní Éilí, Ursula Earley

Oíche na hOscailte SAOIRSE, ceoldráma nua na Taibhdheirce mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe. Pictiúr: Andrew Downes/XPOSURE

Dúirt mé iontach ach cén páirt? Dúirt siad Róisín. Agus dúirt mé ‘an bhfuil tú cinnte? Tá mé beagánín sean don ról sin. Bhí áthas an domhain orm a bheith páirteach. Rinnemar trí sheachtain i mBaile Átha Cliath, agus ansin ceithre seachtain i nGaillimh. Bhí samhradh den scoth agam, chun an fhírinne a rá. Bhí sé cosúil go rabhamar go léir ag an Ghaeltacht. Bhíomar inár gcónaí lena chéile’.
‘Bhí sé an ‘freeing’ agus spraíúil a bheith i mo dhéagóir. Bhí orm rudaí a athrú i mo chorp, I mo ghuth, agus m’aibíocht mhothúchánach. Bhí orm féachaint ar rudaí i slí difriúil. Bhaineamar an-taitneamh as na cleachtaí agus na seóanna go léir.’
Labhair Evanne faoi thábhacht na Gaeilge ina saol, agus tógraí eile atá déanta aici.

On set for Small Town Big Story
Evanne Kilgallon ar an seit Small Town, Big Country. Pictiúr: Curtha ar fáil


‘Is onóir é a bheith ag obair in amharclann náisiúnta na Gaeilge. Tá an foireann go léir chomh tacúil. Tá saghas draíocht ann a bheith ag obair ar an stáitse sin. Chun a bheith ar an stáitse agus a fheiceáil go bhfuil na suíochán ar fad díolta amach. Agus roimhe seo, bhí daoine ag iarraidh deichniúr le teacht isteach chun féachaint ar sheó trí Ghaeilge. Agus anois, tá daoine ag teacht ó gach cearn den tír chun muid a fheiceáil. Tá bród orm faoi sin’.
‘Déanaim féin TikToks anois ‘is arís trí Ghaeilge ag cruthú feistis.
‘Seo é mo debut san Abbey. It’s a sign of the times go bhfuil an amharclann sin ag cur an píosa seo ar siúl
‘Nuair a thosaigh mé ag obair trí Ghaeilge, bhí mé chomh buartha. Bhí náire orm mar gheall ar mo leibhéal, agus mé ag obair le daoine ón nGaeltacht. Ach, sílim go bhfuil mé ag feabhsú an t-am ar fad.

Backstage at All Together Now 1 900x1200 1
Evanne Kilgallon cúlstáitse ag All Together Now. Pictiúr: Curtha ar fáil


‘Bhí Obituary ar fheabhas dom chun foghlaim conas a n-oibríonn seiteanna. Bhí mé ag féachaint an t-am ar fad ar na haisteoirí eile le fáil amach conas a n-oibríonn siad. Ansin, fuair mé páirt mhór in Small Town, Big Story atá ar Sky. Scríobh Chris O’Dowd é sin. Is é sin an rud is mó atá déanta agam ar an scáileán go dtí seo. Bhí sé ina deis dom mo scileanna go léir a úsáid. B’in poiblíocht den scoth dom. D’fhás mé mar aisteoir agus bean san earnáil seo. Is ar an scáileán a bhfuil an ‘longevity’ sin. Bíonn an píosa scannánaíochta timpeall ar feadh na mblianta. Seo an mbealach a fhaighim obair eile. Tá níos mó airgead ann. Tá sé an-deacair a bheith ag maireachteáil ar an t-airgead ón stáitse.’


‘Tuigim nach bhfuil smacht agam, agus go dtagann an obair chugam nuair atá sé réidh. Ní féidir liom pleanáil chun cinn.’
Ach tá dearcadh iontach ag Evanne. ‘Tá mé ag obair. Caitheann aisteoirí an chuid is mó den bhliain ag guí chunpoist a fháil. Tá dhá féile ag teacht aníos. Táim ag súíl go mór le bheith i bpáirc le mo chairde, ag gléasta suas, ag éisteacht le ceol, agus craic agus spraoi a bheith againn. Táim an-bhuíoch go bhfuil mo shláinte agam anois.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram