

Tá daoine ag taisteal ó gach cearn den tír chun SAOIRSE a fheiscint. Ba cheart domsa a bheith ar an eolas faoi sin. Chonaiceas é don dara huair tráthnóna Dé Céadaoin.
Ní théim chuig seónna níos mó ná uair amháin riamh. Ach, tá rud éigin chomh speisialta faoi SHAOIRSE nach féidir liom cur síos ceart a dhéanamh air. Bhí orm dul ann níos mó ná uair amháin chun meas iomlán a bheith agam air.

Tá an ceoldráma álainn seo, atá á chur i láthair mar chuid den bhFéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe (Galway International Arts Festival) suite i nGaeltacht Chorca Dhuibhne in Iarthar Chiarraí. Tá Saoirse (Ciara Cox), Baile Átha Cliathach cúig bliana déag d’aois tar éis teacht go dtí an Ghaeltacht don chéad uair. Agus cosúil le beagnach gach déagoir ón Ghalltacht, tá imní an domhain uirthi nach mbeidh sí in ann a bheith istigh léi féin i gceantar lán Ghaeilge. Ach, an bhfuil a fhios aici cé hí féin?
Ná bíodh imní ort muna bhfuil Gaeilge iontach, is féidir leat dul fós. Is féidir leat an aip Sibrwd a úsáid agus na haisteoirí ar an stáitse. Aistríonn sé gach focal go Béarla agus Gaeilge. Ní chaithfidh tú scrolláil fiú!

‘Tá SAOIRSE le tuiscint.’ a dúirt Ciara Cox liom, agus sinn ag labhairt i rith na seachtaine. ‘Is ceoldráma atá ann do dhaoine nach bhfuil mórán taithí acub ar an nGaeilge, nó a ndeachaigh go dtí an nGaeltacht, agus cheap siad nach raibh mórán Gaeilge acub. Tá daoine ag tíocht amach as an tseó ag rá ‘Ó, níor úsáid mé an aip mar thuig mé gach rud. Agus tá go leor ag tarlú ar an stáitse. Mar sin, ceapaim go bhfuil sé an-tábhachtach.
Is dóigh liom gur b’in rud an-speisialta faoi Shaoirse – go bhfuil sé chomh hoscailte sin.’
Agus mé ag féachaint ar an tseó (faoi dhó mar a luaigh mé), thugas roinnt focal… nua faoi dara. Bhí gach duine ag gáire nuair a chualamar ‘cadever’ cúpla uair.

‘Is dóigh gur píosa spraoi atá ann,’ a lean Ciara. ‘Bhí mise mar cheannaire ag an gcoláiste samhraidh áitiúil cúpla bliain ó shin. Cloiseann tú rudaí aisteachta. Tagann na Gaeilgeoirí aníos le rudaí nua. Is dóigh go bhfuil daoine amuigh ansin atá ag rá ‘ní shin Gaeilge cheart. Ach, dhom féin, tá mise sásta nuair a chuireann daoine suim inti. Má cabhraíonn focail ar nós ‘cadever’ agus ‘brónzies’ agus ‘B le D’ (buíochas le Dia) leo suim sa nGaeilge, agus an nGaeilge a dhéanamh dhóibh féin.
‘Tá a fhios agam go ndeireann daoine “Ó, tá sé i nGaeilge.” Bíonn siad ag féachaint ar agus ag smaoineamh ‘ní bheith sé go maith mar tá sé i nGaeilge. Ach, ní shin atá ann ar chor ar bith.’

D’aontaigh mé go huile is go hiomlán le Ciara nuair a dhúirt sé é sin. Ach, má tá tusa fós neamhchinnte, téigh agus feach ar SHAOIRSE.
Cloiseann an scéal simplí go leor, ach geallaim duit nach bhfuil sé ar chor ar bith.
‘Tá sé iontach go bhfuil An Taibhdhearc ag cur rudaí ar siúl atá ar hardchaighdeán. Bhuaigh ár gcóiréagrafaí, Meadhbh Lyons, Olivier.’ Roinnim an spreaghacht céanna atá ag Ciara do SHAOIRSE. Nílim ag iarraidh milleadh scéal (spoiler) a scríobh síos anseo. Ach déarfaidh mé é seo.
Tá ceoldrámaí feicthe agam ar an West End agus ar Broadway araon. Tá SAOIRSE ar cheann de ceoldrámaí is ansa liom gan dabht. Ní mar gheall go bhfuil sé i nGaeilge (cé go gcabhraíonn sé sin). Ach toisc gur annamh a fheictear saincheisteanna a raibh taithí againn orthu go léir á léiriú ar bhealach measúil agus íogair.

Tarraingíonn amhráin ar nós B’fhéidir d’aird go lár an stáitse, áit ina bhfuil Saoirse ag iarraidh taom scaoill a rialú. Tá bua neamhchoitianta ag Ciara Cox. Bhíomar go léir ag fanacht go ciúin ar gach focal a chan sí, agus í chaillte i ndomhan Saoirse. Agus nuair a chríochnaigh sí an t-amhrán, d’fhanamar ciúin ar feadh cúpla soicind. Ní rabhamar ag iarraidh caoineadh. Ní fhéadfainn dearúd a dhéanamh ar an gcliar. Rinne Elliot Nolan agus Calum Maxwell jab iontach le chéile – Thug a gcarachtair, Séamus agus Caoimhín, faoiseamh grinn don cheoldráma.
Chuir an cliar fásta (Colm Mac Gearailt, Juliette Crosbie, Lesley Conroy, Ursula Earley, agus Aidan Byrne) bunús láidir, iontach ar fáil do na haisteoirí óga.
Ach is dóigh liom gur le Róisín (Evanne Kilgallon) agus le hAoife (Síofra Ní Éilí) a thosnaíonn Saoirse ag fáil amach cé hí féin. Chuir léiriú Evanne i gcodarsnacht thar cionn le léiriú Ciara. Fiú muna raibh sí ag labhairt, bhí sí i gcónaí ag insint scéal Róisín lena mothúcháin, agus í ag streachailt le fáil amach cé hí féin chomh maith.

Ar an lámh eile, bhí Aoife in ann a bheith istigh léi féin, agus a bheith bródúil aisti féin – rud éigin atá fánach le feiscint i gcarachtair leispiacha. Is carachtar í a sheasann amach. Rinne Síofra Ní Éilí jab iontach d’ionadaíocht a dhéanamh ar son daoine aiteacha.
Muna bhfuil SAOIRSE feicthe agat, ‘cadever’ – beidh sé ar siúl go dtí oíche Dé Domhnaigh.
Ní hamháin sin, ach beidh an cliar ag teacht thar n-ais arís chun
SAOIRSE a chur ar siúl in Amharclann na Péacóige (The Peacock Theatre) i mBaile Átha Cliath ón 16-19 Meán Fómhair don Dublin Fringe Festival.
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.