RTÉ ag dul ó Thuaidh chun cóisir a chur ar siúl!

Cuirfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ ceolchoirm speisialta ar stáitse a dhéanann ceiliúradh ar na hamhráin is ansa leis na Gaeil, amhráin a mhol an lucht éisteachta sa bhfeachtas #AmhránRnaG ar an gclár Cóisir Cheoil

Is i dTeach Pobail Chríost Rí i nGort a’ Choirce i nGaeltacht Dhún na nGall a bheidh an ceolchoirm RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an gCéadaoin, an 7ú Deireadh Fómhair 2026. Beidh an ócáid seo mar chuid de chomóradh céad bliain RTÉ, ar an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn, agus ceann de na himeachtaí atá luaite le hUachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. 

Craoladh eagrán speisialta den Chóisir Cheoil le Ceolfhoireann Coirme RTÉ beo ó Stiúideo a hAon i nDomhnach Broc le déanaí, áit ar fhógair Dónall Mac Ruairí an cheolchoirm agus an liosta ó 10 – 1 de na 40 amhrán is ansa leis na Gaeil. 

Cóisir Cheoil RTÉ Raidió na Gaeltachta beo le Ceolfhoireann Coirme RTÉ 2
Cóisir Cheoil RTÉ Raidió na Gaeltachta beo le Ceolfhoireann Coirme RTÉ 2. Pictiúr: Donal Glackin 

Chun blaiseadh a thabhairt don méid a bheidh le cloisteáil ag an gceolchoirm mhór i mí Dheireadh Fómhair, chan cuid de na ceoltóirí óga is cumasaí sa tír trí amhrán ón liosta beo ar an gclár, in éineacht leis an gCeolfhoireann. Bhí an lucht féachana faoi gheasa ag Méabh Ní Bheaglaoich, a chan leagan thar a bheith tochtmhar de Bruach na Carraige Báine, in ómós dá hathair, Séamus Ó Beaglaoich. Chan deirfiúracha ceolmhara Ráth Chairn, Máire agus Étáin Ní Churraoin leagan álainn d’Óró Sé do Bheatha ‘Bhaile, agus chan Piaras Ó Lorcáin as Ard Mhacha an seanamhrán cáiliúil as Oirialla Seán Gabha.

Reachtáladh feachtas Amhrán RnaG – An tAmhrán is Ansa Linn ar Cóisir Cheoil le mí anuas, agus tugadh cuireadh d’éisteoirí an t-amhrán is anseo leo a sheoladh isteach. Rinne painéal moltóirí ó chuile chearn den tír, ar saineolaithe ar an gceol Gaelach iad, scagadh ar na céadta moltaí, agus tar éis go leor scagadh agus plé, roghnaíodh na hamhráin trí chóras márcála neamhchlaonta.  

Ba iad Síle Denvir, Colm Mac Con Iomaire, Fiachna Ó Braonáin, Áine Hensey, Aoife Ní Fhearraigh, Ciarán Ó Gealbháin agus Neansaí Ní Choisdealbha a bhí ar an bpainéal moltóireachta. 

Dónall Mac Ruairí
Dónall Mac Ruairí. Pictiúr: RTÉ/Curtha ar fáil

Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta: ‘Tá amhráin agus amhránaithe le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó bunaíodh an stáisiún i 1972, agus sin é fuaim rian na Gaeltachta agus na Gaeilge.  Sa tionscnamh fíorspeisialta seo, tá muid ag iarraidh aird a tharraingt ar an hamhráin agus na hamhránaithe sin, ar an saibhreas atá againn mar phobal, ceiliúradh a dhéanamh ar an tallann atá inár measc agus comóradh a dhéanamh orthu siúd nach bhfuil linn níos mó ach a bhfuil lorg fágtha acu ar an gceol agus ar na daoine.’ 

Mar chuid de chomóradh RTÉ 100, tá deis faighte ag an bpobal sa mbaile agus thar lear na hamhráin is ansa leo a mholadh. Le cúnamh ó na moltóirí a rinne scagadh ar na moltaí, leis na hamhránaithe agus ceoltóirí agus le Ceolfhoireann RTÉ, tabharfaidh an cheolchoirm speisialta seo an deis dúinn na hamhráin seo a cheiliúradh arís”

Tá na ticéid don cheolchoirm Amhrán RnaG – An tAmhrán is Ansa Linn ar díol anois ag an nasc seo.

‘Cuireann sé iontas orm nach bhfuil níos mó den chineál rud seo déanta againn le blianta beaga anuas,’ a dúirt Dónall Mac Ruairí.

Idir an dá linn, is féidir leat éisteacht le Dónall Mac Ruairí ar an gCóisir Cheoil gach Luan go Déardaoin idir 3in-5in, beo ón stiúideo sna Doirí Beaga.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram